User manual

an chéad satailít socraithe ag an gcomhartha is treise,
roghnaigh Déan cuardach arís chun an dara satailít a
aimsiú.
• Cinntigh go bhfuil na socruithe athraithe go Dhá
shatailít.
Níor réitíodh m'fhadhb nuair a athraíodh na socruithe
suiteála
• Ní stóráltar aon socrú, satailít nó cainéal go dtí
deireadh na suiteála nuair a chríochnaíonn tú.
Tá gach cainéal satailíte imithe.
• Má tá córas Unicable in úsáid agat, cinntigh gur
shann tú dhá uimhir banda uathúla sna socruithe
Unicable don dá thiúnóir ionsuite. D'fhéadfadh
glacadóir satailít eile i do chóras Unicable a bheith ag
úsáid an uimhir banda úsáideora chéanna.
Tá an chosúlacht air go bhfuil roinnt cainéal satailíte
imithe ó liosta na gcainéal.
• Má tá an chosúlacht air go bhfuil roinnt cainéal
imithe nó san áit mhícheart, d'fhéadfadh suíomh
trasfhreagróra na gcainéal sin a bheith athraithe ag an
gcraoltóir. Is féidir leat triail a bhaint as nuashonrú ar
an bpacáiste cainéal chun suíomhanna na gcainéal a
chur ar ais.
Ní féidir liom satailít a bhaint as
• Ní ligeann pacáistí suibscríbhinne duit satailít a
bhaint as. Chun an tsatailít a bhaint as, ní mór duit
suiteáil iomlán a dhéanamh arís agus pacáiste eile a
roghnú.
Bíonn an ghlacacht lag ó am go chéile
• Cinntigh go bhfuil an mhias satailíte gléasta go
daingean agat. Tá gaotha láidre in ann an mhias a
bhogadh.
• Tá sneachta agus báisteach in ann an glacadh a
dhíghrádú.
6.2
Suiteáil Aeróige
Nuashonraigh Cainéil
Uasdátú Cainéil Uathoibríoch
Má fhaigheann tú cainéil dhigiteacha, is féidir leat an
teilifís a shocrú chun na cainéil seo a nuashonrú go
huathoibríoch.
Déanann an teilifís nuashonrú ar na cainéil agus
stórálann sé cainéil nua uair amháin in aghaidh an
lae, ag 7 AM. Stóráltar cainéil nua sa Liosta Cainéal
agus marcáltar iad le . Baintear cainéil atá gan
chomhartha as. Ní mór don teilifís a bheith ar
Fuireachas chun cainéil a nuashonrú go
huathoibríoch. Is féidir leat Nuashonrú Cainéal
Uathoibríoch a chasadh as.
Chun an nuashonrú uathoibríoch a chasadh as…
1 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil > Suiteáil
Aeróige/CáblaSuiteáil Aeróige agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Nuashonrú Cainéal
Uathoibríoch agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
5 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Nuair a aimsítear cainéil nua nó má dhéantar
nuashonrú ar chainéil nó má bhaintear as iad,
taispeántar teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar
air í. Is féidir leat an teachtaireacht sin a chasadh as
ionas nach dtaispeánfar í i ndiaidh gach nuashonrú
cainéal.
Chun an teachtaireacht a chasadh as…
1 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil > Suiteáil
Aeróige/CáblaSuiteáil Aeróige agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Teachtaireacht Nuashonrú
Cainéal agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
5 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Déantar an Nuashonrú cainéal uathoibríoch i roinnt
tíortha nuair atáthar ag féachaint ar an teilifís nó uair
ar bith nuair atá an teilifís ar Fuireachas.
Nuashonrú Cainéal de Láimh
Is féidir leat nuashonrú cainéal a thosú tú féin i
gcónaí.
Chun nuashonrú cainéal a thosú de láimh…
1 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil > Suiteáil
Aeróige/CáblaSuiteáil Aeróige agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Cuardaigh cainéal agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK.
5 - Roghnaigh Nuashonraigh Cainéil Dhigiteacha,
roghnaigh Ar Aghaidh agus brúigh OK.
6 - Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK chun na
cainéil dhigiteacha a nuashonrú. D'fhéadfadh sé sin
roinnt nóiméad a thógáil.
7 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
22