User manual

Cumraíocht Líonra - IP Statach
Socruithe Gan sreang agus
Líonraí > Sreangaithe nó Wi-Fi > Cumraíocht
Líonra > IP Statach.
Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait
do líonra a shuiteáil le seolachán IP Statach, athraigh
socrú na teilifíse go IP Statach.
Cumraíocht Líonra - Cumraíocht IP Statach
Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí > Sreangaithe nó Wi-Fi > Cumraíocht
Líonra > Cumraíocht IP Statach.
1 - Roghnaigh Cumraíocht IP Statach agus cumraigh
an nasc.
2 - Is féidir leat an uimhir a shocrú don Seoladh
IP, Netmask, Gateway, DNS 1, nó DNS 2.
Cas Air le Wi-Fi (WoWLAN)
Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí > Sreangaithe nó Wi-Fi > Cas Air le Wi-Fi
(WoWLAN).
Is féidir leat an teilifís seo a chasadh air ó d'fhón cliste
nó do thaibléad má tá an teilifís i staid fuireachais. Ní
mór an socrú Cas air le Wi-Fi (WoWLAN) a bheith
casta air.
Cas air le Chromecast
Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí > Sreangaithe nó Wi-Fi > Cas Air le Wi-Fi
(WoWLAN).
Athraigh an socrú go Air chun ligint don teilifís seo a
bheith casta air ó fheidhmchlár Chromecast ar do
ghléas mhóibíleach. Nuair atá an socrú air, beidh
tomhaltas cumhachta na teilifíse níos airde nuair atá
sí ar fuireachas. Ba cheart an socrú Wi-Fi (WoWLAN) a
chasadh air ar dtús sula féidir leat an socrú Cas air le
Chromecast a athrú.
Cas air nasc Wi-Fi
Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí > Sreangaithe nó Wi-Fi > Wi-Fi Air/As.
Is féidir leat an nasc Wi-Fi a chasadh air nó as ar do
theilifís.
Rindreálaí Meán Digiteach - DMR
Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí > Sreangaithe nó Wi-Fi > Rindreálaí Meán
Digiteach - DMR.
Mura seinneann do chomhaid meán ar do theilifís,
cinntigh go bhfuil an Rindreálaí Meán Digiteach casta
air. Bíonn DMR casta air mar réamhshocrú.
Ainm an Líonra Teilifíse
Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí > Sreangaithe nó Wi-Fi > Ainm an Líonra
Teilifíse.
Má tá níos mó ná teilifís amháin i do líonra baile agat,
is féidir leat ainm uathúil a thabhairt don teilifís.
Glan Cuimhne Idirlín
Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí > Sreangaithe nó Wi-Fi > Glan Cuimhne
Idirlín.
Glanann tú do chlárú le freastalaí Philips le Glan
Cuimhne Idirlín chomh maith le do shocruithe rátáil
tuismitheora, do logálacha isteach d'fheidhmchláir
shiopa físeán, gach ceanán Bhailiúchán Philips TV,
leabharmharc Idirlín agus stair. Ta feidhmchláir MHEG
idirghníomhacha in ann 'fianáin', mar a thugtar orthu,
a shábháil ar do theilifís freisin. Glanfar na comhaid
sin freisin.
8.2
Cuntas Google
Sínigh isteach
Is féidir leat síniú isteach go Google le do Chuntas
Google chun an leas is fearr a a bhaint as cumais do
Philips Android TV.
Nuair a shíníonn tú isteach, beidh tú in ann na cluichí
is ansa leat a imirt ar d'fhón, do thaibleád nó ar do
theilifís. Gheobhaidh tú moltaí pearsantaithe físe agus
ceoil freisin ar scáileán baile do theilifíse chomh maith
le rochtain ar YouTube, Google Play agus
feidhmchláir eile.
Sínigh isteach
Úsáid an Google Account atá agat cheana féin chun
síniú isteach go Google ar do theilifís. Seoladh
ríomhphoist agus pasfhocal atá i gceist le Cuntas
Google. Mura bhfuil Cuntas Google agat fós, úsáid do
ríomhaire nó do thaibléad chun ceann a chruthú
(accounts.google.com). Teastaíonn próifíl Google+
uait chun cluichí a imirt ar Google Play. Murar shínigh
tú isteach i rith chéad shuiteáil na teilifíse, is féidir leat
síniú isteach níos déanaí.
Chun síniú isteach tar éis suiteáil na teilifíse a bheith
déanta …
1 - Roghnaigh Socruithe > Socruithe Android agus
35