User manual

feidhmchlár/an t-inneachar atá á seinnt sa chúlra. Ní
mór duit an feidhmchlár nó an t-inneachar a roghnú
ón scáileán Baile chun atosú.
8.4
Feidhmchlár Bhailiúchán
Philips TV
Leathanach na Sainfheidhmchláir
Tá gach ceann de d’fheidhmchláir phréimhe ar fáil
laistigh den fheidhmchlár Bhailiúchán Philips TV,
faoin rannóg Sainfheidhmchláir. Is féidir leat é a
lainseáil trí úsáid a bhaint as an meirge ar ró na
bhFeidhmchlár.
Is don teilifís go sainiúil a rinneadh feidhmchláir
Bhailiúchán Philips TV. Is féidir feidhmchláir
Bhailiúchán Philips TV a íoslódáil agus a shuiteáil saor
in aisce. Tá feidhmchláir Bhailiúchán Philips TV in ann
a bheith éagsúil i dtíortha nó réigiúin éagsúla. Beidh
moltaí ann d’Fheidhmchláir nua agus tuilleadh i
mBailiúchán Philips TV freisin.
Bíonn roinnt feidhmchlár ó fheidhmchláir Bhailiúchán
Philips TV suiteáilte ar do theilifís roimh ré. Iarrfar ort
glacadh leis na Téarmaí Úsáide sula mbeidh tú in ann
feidhmchláir eile ó fheidhmchláir Bhailiúchán Philips
TV a shuiteáil. Is féidir leat na Socruithe
Príobháideachta a shocrú de réir mar a fheileann duit.
Chun feidhmchlár a shuiteáil ó fheidhmchláir
Bhailiúchán Philips TV…
1 - Brúigh  HOME.
2 - Roghnaigh Bailiúchán Philips TV agus brúigh
OK. Osclóidh sé an rannán Sainfheidhmchláir.
3 - Roghnaigh an táb “Gach ceann” agus brúigh OK.
Taispeánfaidh sé na feidhmchláir ar fad atá ar fáil don
úsáideoir, na cinn atá suiteáilte san áireamh.
4 - Brabhsáil trí na feidhmchláir agus roghnaigh an
deilbhín feidhmchláir ar mian leat é a shuiteáil, agus
brúigh OK. Osclóidh sé an leathanach a bhfuil eolas
faoi Fheidhmchláir air.
5 - Roghnaigh an cnaipe Suiteáil agus brúigh OK
chun an feidhmchlár a shuiteáil.
Beidh fáil ar an bhfeidhmchlár a suiteáladh ar
leathanach na bhFeidhmchlár, agus is féidir é a
oscailt ón scáileán Baile Android tríd an deilbhín
Feidhmchláir ar thaobh na láimhe deise de ró na
bhFeidhmchlár a bhrú.
Téarmaí Úsáide
Ní mór duit glacadh leis na Téarmaí Úsáide chun
feidhmchláir Bhailiúchán Philips TV a shuiteáil agus a
úsáid. Murar aontaigh tú leis na téarmaí sin i rith
chéad shuiteáil na teilifíse, is féidir leat glacadh leo
níos deireanaí. A luaithe is a n-aontaíonn tú leis na
Téarmaí Úsáide, beidh roinnt feidhmchlár ar fáil
láithreach agus is féidir leat brabhsáil i mBailiúchán
Philips TV chun feidhmchláir eile a shuiteáil.
Chun glacadh leis na Téarmaí Úsáide tar éis an teilifís
a bheith suiteáilte agat…
1 - Brúigh HOME, roghnaigh Philips TV
Collection agus brúigh OK. Brúigh an eochair
Roghanna arís chun an roghchlár Roghanna a oscailt.
2 - Is féidir leat Téarmaí Úsáide a roghnú, ansin
brúigh OK chun iad a léamh.
3 - Roghnaigh Glac agus brúigh OK. Ní féidir leat dul
siar ar an bhfaomhadh seo.
4 - Brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Socruithe Príobháideachta
Is féidir leat roinnt socruithe príobháideachta a shocrú
d'fheidhmchláir Bhailiúchán Philips TV.
• Is féidir leat cead a thabhairt staitisticí teicniúla a
sheoladh chuig Philips.
• Is féidir leat moltaí pearsanta a cheadú.
• Is féidir leat fianáin a cheadú.
• Is féidir leat an Glas Leanaí a chasadh air
d'fheidhmchláir a bhfuil rátáil 18+ acu.
Chun na socruithe príobháideachta i mBailiúchán
Philips TV a shocrú…
1 - Brúigh HOME, roghnaigh Philips TV
Collection agus brúigh OK. Brúigh an eochair
Roghanna arís chun an roghchlár Roghanna a oscailt.
2 - Is féidir leat Socrú Príobháideachta a roghnú,
ansin brúigh OK.
3 - Roghnaigh gach socrú agus brúigh OK chun é a
cheadú nó gan é a cheadú. Is féidir leat léamh go
mion faoi gach socrú.
4 - Brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
37