User manual

DTS Play-Fi
DTS Play-Fi
Socruithe > Fuaim > DTS Play-Fi.
Déan fuaim a shruthú gan sreang chuig seomraí eile i
do theach.
Tabhair faoi deara: Níl na socruithe d’Fhuaim Teilifíse
Ilseomra ar fáil nuair atáthar nasctha leis an
bhfeidhmchlár Cluasáin DTS Play-Fi nó nuair atáthar
ag seinnt ceoil ón bhfeidhmchlár DTS Play-Fi.
Ardsocruithe Fuaime
Rialú Airde Fuaime
Uath-Airde Fuaime
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Uath-
Airde Fuaime.
Roghnaigh Air nó As chun uathchoigeartú an airde
fuaime a chasadh air nó as.
Roghnaigh Mód oíche le haghaidh eispéireas
éisteachta níos compordaí agus níos ciúine.
Delta volume
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Delta
volume.
Is féidir an socrú Delta volume a úsáid chun an difear
idir leibhéal fuaime an chainéil teilifíse agus an t-
ionchur foinse HDMI a chothromú. Brúigh na
saigheada (suas) nó (síos) chun an luach
delta a athrú d’airde fuaime challairí na teilifíse.
* Tabhair faoi deara: Tá Delta volume ar fáil nuair a
shocraítear an fhoinse ionchuir do HDMI nó d’fhoinsí
Analógacha agus nuair a shocraítear an Fhuaim do
Callairí teilifíse nó do Chóras fuaime HDMI.
Socraithe d'Fhuaim Amach
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Fuaim
amach.
Socraigh an teilifís chun an fhuaim a sheinnt ar an
teilifís nó ar an gcóras fuaime nasctha.
Is féidir leat an áit a bhfuil tú ag iarraidh fuaime na
teilifíse a chloisteáil a roghnú, agus an chaoi a bhfuil
uait é a rialú.
• Má roghnaíonn tú Callairí Teilifíse As, casann tú as
callairí na teilifíse go buan.
• Má roghnaíonn tú Callairí teililfíse, beidh callairí
teililfíse air i gcónaí.
Le gléas fuaime nasctha le HDMI CEC,
roghnaigh córas fuaime HDMI. Casfaidh an teilifís as
callairí na teilifíse nuair atá an gléas ag seinnt na
fuaime.
Socruithe Aschuir Dhigitigh
Tá socruithe aschuir dhigitigh ar fáil do chomharthaí
optúla agus HDMI ARC fuaime.
Formáid Fuaime Amach
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Formáid
Dhigiteach amach.
Socraigh comhartha fuaime amach na teilifíse chun
dul in oiriúint do chumais fuaime an Chóras
Amharclainne Baile nasctha.
Steireó (neamhchomhbhrúite): Mura bhfuil próiseáil
fuaim ilchainéil ag do ghléasanna athsheanma, ná
seol ach ábhar steireó chuig do ghléasanna
athsheanma fuaime.
Ilchainéal: Roghnaigh chun díreach ábhar fuaime
ilchainéil (comhartha fuaime ilchainéil comhbhrúite)
nó ábhar fuaime steireó a aschur chuig do
ghléasanna athsheanma fuaime.
Ilchainéal (seachthreorú): Ná seol ach ábhar Dolby
Digital Plus nó DTS chuig chuig do ghléasanna
athsheanma fuaime nó do Chóras amharclainne baile.
- Cinntigh go dtacaíonn do ghléasanna athsheanma
fuaime Dolby Atmos.
- Díchumasófar aschur SPDIF (DIGITAL AUDIO OUT)
nuair atáthar ag sruthú ábhar Dolby Digital Plus.
Leibhéaladh Digiteach Amach
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Leibhéaladh
Digiteach Amach.
Athraigh an leibhéal treise ó ghléas atá nasctha le
haschur digiteach fuaime (SPDIF) nó HDMI.
• Roghnaigh Níos mó chun airde fuaime níos treise a
bheith agat.
• Roghnaigh Níos lú chun airde fuaime níos boige a
bheith agat.
Moill Digiteach amach
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Moill
Digiteach amach.
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans
ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a
mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an
bhfís. Roghnaigh As má tá moill fuaime socraithe ar
do Chóras Amharclainne Baile.
52