User manual

Ardsocruithe
HbbTV Socruithe - Hybrid Broadcast Broadband TV
Cas air HbbTV
Socruithe > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe HbbTV >
HbbTV > Air.
Cas Traiceáil Stair HbbTV As
Socruithe > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe HbbTV >
Traiceáil HbbTV > As.
Bain as Fianáin HbbTV
Socruithe > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe HbbTV >
Fianáin HbbTV > Air.
Glan liosta na bhfeidhmchlár faofa
Socruithe > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe HbbTV >
Glan liosta na bhfeidhmchlár faofa.
Chun gach feidhchlár HbbTV atá faofa ag an
Úsáideoir a ghlanadh.
Athshocrú ID Gléis HbbTV
Socruithe > Socruithe
Ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe HbbTV >
Athshocrú ID Gléis HbbTV.
Is féidir leat d’aitheantóir teilifíse uathúil a athshocrú.
Cruthófar aitheantóir nua. Déanfar do ID Gléis a
athsholáthar le haitheantóir nua.
Socruithe Scáileán OLED
Iomlaoid picteilíní
Socruithe > Socruithe
Ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe scáileáin
OLED > Iomlaoid picteilíní.
Bogann Iomlaoid picteilíní suíomh picteilíní i gcónaí
thar am chun strus picteilíní a laghdú.
Moltar an fheidhm seo a chasadh air. Má chasann tú
as an próiseas seo ar feadh tréimhse fada,
d’fhéadfadh coinneáil íomhánna a bheith mar
thoradh air, rud a d’fhéadfadh do bharánta a chur ar
neamhní. D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar
iomlaoid picteilín uaireanta go mbearrfar cuid bheag
(<1%) den phictiúr in aice le himeall an scáileáin.
Cosaint íomhánna socaire
Socruithe > Socruithe
Ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe scáileáin
OLED > Cosaint íomhánna socaire.
Socraigh an leibhéal cosanta atá uait nuair atá íomhá
shocair ar taispeáint.
Má thaispeántar íomha shocair ar feadh tréimhse
fada, d’fhéadfadh an íomha sin fanacht ar an
scáileán. Tá sé seo normálta do phainéal OLED.
Seachain íomhá shochair a thaispeáint ar an scáileán
teilifíse ar feadh tréimhse fada.
Glan íomhá iarmharach
Socruithe > Socruithe
Ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe scáileáin
OLED > Glan íomhá iarmharach.
Nuair a thagann tú ar iarmharach íomhá ar an teilifís,
is féidir leat a leithéid de choinneáil íomhá ar an
scáileán a ghlanadh tríd an bhfeidhm seo a
ghníomhachtú.
Casfar an teilifís as go dtí go gcríochnófar an
próiseas.
Má tá tú i mbun taifeadta, cuirfear an próiseas ar sos,
agus tosóidh sé arís go dtí go gcríochnófar an
taifeadadh. D’fhéadfadh sé níos mó ná 1 uair a
thógáil.
Má chasann tú an teilifís air i rith an phróisis, stopfar é
agus tosófar arís go huathoibríoch é nuair a chastar
an teilifís go fuireachas níos deireanaí.
Agus é i mbun próiseála, d’fhéadfadh líne bhán a
bheith ar taispeáint ar an scáileán. Tá sé sin normálta
nuair atáthar ag glanadh íomhá atá coinnithe ar an
scáileán.
Spárálaí scáileáin
Chun an seans go mbeidh íomhánna iarmharacha ar
scáileán na teilifíse a laghdú, truicearfar an Spárálaí
scáileáin (an lógó PHILIPS gluaisteach) ina leithéid de
chúinsí.
- nuair a thaispeántar míreanna roghchláir ar shocrú
statach ar feadh níos mó ná 2 nóiméad.
- nuair a thaispeántar míreanna roghchláir
Feidhmchlár ar shocrú statach ar feadh níos mó ná 2
nóiméad.
- nuair atá Teilithéacs á thaispeáint ar feadh níos mó
ná 2 nóiméad.
Ní thruicearfar an spárálaí scáileáin ina leithéid de
chúinsí.
- athsheinm a chur ar sos ar fhoinse seachtrach (e.g.
HDMI), mar nach bhfuil an teilifís ag taispeáint
míreanna roghchláir ar shocrú statach.
Comhuain is atá an spárálaí scáileáin gníomhach, is
féidir é a dhúnadh trí chnaipe ar bith ar an gcianrialtán
a bhrú. Rithfear gníomhaíochtaí eile sa chúlra, cosúil
le maide USB a chur isteach nó inneachar a theilgean,
57