User manual

16
Eolaire Teilifíse
16.1
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá
sceidealta ar do chainéil a fheiceáil leis an Eolaire
Teilifíse. Taispeánfar cainéil analógacha agus
dhigiteacha nó cainéil dhigiteacha amháin, ag brath ar
cé as atá eolas (sonraí) an eolaire teilifíse ag teacht. Ní
bhíonn eolas Eolaire Teilifíse ag gach cainéal.
Is féidir leis an teilifís eolas eilifíse a bhailiú do na
cainéil atá suiteáilte ar an teilifís. Ní féidir leis an teilifís
eolas Eolaire Teilifíse a bhailiú do chainéil a
bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach nó díchódóir.
16.2
Sonraí Eolaire Teilifíse
Faigheann an t-eolaire teilifíse eolas (sonraí) ó
chraoltóirí. D'fhéadfadh eolas eolaire teilifíse gan a
bheith ar fáil i roinnt réigiún agus i gcás roinnt cainéal.
Is féidir leis an teilifís eolas eilifíse a bhailiú do na
cainéil atá suiteáilte ar an teilifís. Ní féidir leis an teilifís
eolas Eolaire Teilifíse a bhailiú do chainéil a
bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach nó díchódóir.
16.3
An Eolaire Teilifíse a Úsáid
Oscail an Eolaire Teilifíse
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt, brúigh TV
GUIDE. Taispeánfaidh an tEolaire Teilifís cainéil an
tiúnóra atá roghnaithe.
Brúigh TV GUIDE arís chun dúnadh.
Déanann an teilifís scanadh ar gach cainéal teilifíse le
haghaidh eolas cláir an chéad uair a osclaíonn tú an
tEolaire Teilifíse. D'fhéadfadh sé seo roinnt nóiméad a
thógáil. Stóráltar sonraí an Eolaire Teilifíse ar an
teilifís.
Tiúin do Chlár
Is féidir leat tiúnáil go clár reatha ón Eolaire Teilifíse.
Chun athrú go dtí an clár (cainéal), roghnaigh an clár
agus brúigh OK.
Féach ar shonraí cláir
Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a thaispeáint…
1 - Brúigh OPTIONS, roghnaigh Faisnéis
Cláir agus brúigh OK.
2 - Brúigh BACK chun dúnadh.
Athraigh an Lá
Tá an tEolaire Teilfíse in ann na cláir atá sceidealaithe
do na laethanta atá romhainn a thaispeáint
(uasmhéid de 8 lá).
Brúigh an eochair datha agus roghnaigh an lá
atá uait.
Meabhrúchán a Shocrú
Is féidir leat meabhrúchán a shocrú do chlár.
Tabharfaidh teachtaireacht rabhadh duit ag tús an
chláir. Is féidir leat tiúnáil go dtí an cainéal sin
láithreach.
Marcáltar clár a bhfuil meabhrúchán air le
(clog).san Eolaire teilifíse.
Chun meabhrúchán a shocrú…
1 - Brúigh TV GUIDE agus roghnaigh clár atá le
craoladh go gairid.
2 - Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Socraigh
meabhrúchán.
3 - Brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Chun meabhrúchán a ghlanadh…
1 - Brúigh TV GUIDE agus roghnaigh clár a
bhfuil meabhrúchán air.
2 - Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Glan
meabhrúchán.
3 - Brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Cuardaigh de réir Seánra
Má tá an t-eolas ar fáil, is féidir leat cláir sceidealaithe
a aimsiú de réir seánra cosúil le scannáin, spóirt, srl.
Chun cuardach a dhéanamh do chláir de réir seánra…
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Brúigh OPTIONS.
3 - Roghnaigh Déan Cuardach de réir Seánra agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh an seánra atá uait agus brúigh OK.
Taispeánfar liosta leis na cláir a aimsíodh.
5 - Is féidir leat meabhrúcháin a shocrú nó clár a
sceidealú le haghaidh a thaifeadta.
6 - Brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Thaifeadadh, brúigh
an eochair datha Eochairfhocail agus déan
cuardach do Thaifeadadh.
* Níl fáil air nuair atáthar ag roghnú cainéal DVB-S
65