User manual

Table Of Contents
2 - Cuir isteach Cód glais leanaí a bhfuil 4 digit
ann. Mura bhfuil cód socraithe agat fós,
roghnaigh Socraigh Cód in Glas Leanaí. Cuir isteach
Cód glais leanaí a bhfuil 4 digit ann agus dearbhaigh.
Anois is féidir leat rátáil aoise a shocrú.
3 - Téigh ar ais go Rátáil Tuisimitheora, roghnaigh an
aois agus brúigh OK.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as,
roghnaigh Gan aon cheann. Mar sin féin, ní mór duit
rátáil aoise a shocrú i roinnt tíortha.
Ní ghlasálann an teilifís ach cláir a bhfuil rátáil níos
airde acu i gcás roinnt
craoltóirí/oibritheoirí. Socraítear an rátáil aoise
tuismitheora do gach cainéal.
(ar fáil do thíortha faoi leith amháin)
Roghanna Cainéal
Roghanna Oscailte
Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat roinnt
roghanna a shocrú.
Ag brath ar an gcineál cainéil a bhfuil tú ag féachaint
air (analógach nó digiteach) nó ag brath ar na
socruithe teilifíse atá déanta agat, tá roinnt roghanna
ar fáil. Mar shampla, níl an rogha Scáileán as ar fáil
ach do chainéil raidió. Moltar duit scáileán na teilifíse
a chasadh as chun fuinneamh a choigilt agus chun an
scáileán a chosaint.
Chun roghchlár na roghanna a oscailt…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh
OPTIONS .
2 - Brúigh OPTIONS arís chun é a dhúnadh.
Fotheidil
Cas As
Tá craoltaí digiteacha in ann fotheidil a bheith acu dá
gcláir.
Chun na fotheidil a thaispeáint…
Brúigh OPTIONS, agus roghnaigh Fotheidil.
Is féidir leat fotheidil a chasadh Air nó As. Mar rogha
air sin, is féidir leat Uathoibríoch a roghnú.
Uathoibríoch
Más faisnéis teanga cuid den chraoladh digiteach
agus mura bhfuil an clár atá á chraoladh i do theanga
(an teanga a socraíodh ar an teilifís), is féidir leis an
teilifís fotheidil a thaispeáint go huathoibríoch i
gceann amháin de na teangacha fotheideal atá
roghnaithe agat. Ní mór do cheann amháin de na
teangacha fotheideal sin a bheith ina cuid den
chraoladh.
Is féidir leat na teangacha fotheideal is fearr leat a
roghnú in Teanga Fotheideal.
Fotheidil ó Théacs
Má thiúnann tú do chainéal analógach, ní mór duit na
fotheidil a chur ar fáil de láimh do gach cainéal.
1 - Athraigh go dtí cainéal agus brúigh TEXT chun
Téacs a oscailt.
2 - Cuir isteach uimhir leathanach na bhfotheideal.
3 - Brúigh TEXTarís chun Téacs a dhúnadh.
Má roghnaíonn tú Air i roghchlár na bhFotheideal
nuair atá tú ag féachaint ar chainéal analógach,
taispeánfar fotheidil má tá siad ar fáil.
Chun fáil amach an cainéal analógach nó digiteach
atá ann, athraigh go dtí an cainéal agus oscailEolas in
OPTIONS.
Teanga fotheideal
Na Teangacha Fotheideal atá Roghnaithe
Is féidir le craoladh digiteach roinnt teangacha
fotheideal a thairiscint do chlár. Is féidir leat
príomhtheanga fotheideal agus teanga thánaisteach
a shocrú d'fhotheidil. Má tá fotheidil ar fáil i gceann
de na teangacha sin, taispeánfaidh an teilifís iad.
Chun an phríomhtheanga agus teanga thánaisteach
fhotheideal a shocrú…
1 - Téigh go dtí  Socruithe > Réigiún agus Teanga
agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Teangacha > Fotheidil
Phríomhúla Fotheidil Thánaisteacha.
3 - Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh OK.
4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Roghnaigh Teanga Fotheideal
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal
is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile
atá ar fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fotheideal
ar fáil, ní féidir leat an rogha seo a roghnú.
Chun príomhtheanga fotheideal a roghnú nuair nach
bhfuil aon cheann de na teangacha atá uait ar fáil…
1 - Brúigh OPTIONS.
2 - Roghnaigh Teanga Fotheideal agus roghnaigh
ceann amháin de na teangacha mar fhotheidil ar
bhonn sealadach.
15