User manual

Table Of Contents
Ord Cainéal a athrú
Ní féidir leat ord cainéal athrú (athordaigh) ach
amháin i Liosta Ceanán.
Chun an seicheamh cainéal a athrú…
1 - Oscail an Liosta Ceanán a bhfuil uait ord nua a
chur air.
2 - Brúigh OPTIONS , roghnaigh Cuir Ord Nua ar
Chainéil agus brúighOK.
3 - Sa Liosta Ceanán, roghnaigh an cainéal a bhfuil
uait é a chur in ord nua agus brúigh OK.
4 - Bog an cainéal go dtí an áit atá uait leis na
méaracha (suas) nó (síos).
5 - Brúigh OK chun an suíomh nua a dhearbhú.
6 - Is féidir leat ord nua a chur ar chainéil ar an gcaoi
chéanna go dtí go ndúnann tú an Liosta Ceanán leis
an eochair Ar ais.
5.5
Cainéil Cheanáin
Maidir le Cainéil Cheanáin
Is féidir leat na cainéil a thaitníonn leat a bhailiú le
chéile i liosta cainéal ceanáin.
Is féidir leat 4 liosta éagsúla a chruthú le haghaidh
zaipeáil cainéal éasca. Is féidir leat gach Liosta
Ceanán a ainmniú ina gceann agus ina gceann. Ní
féidir leat ord nua a chur ar chainéil ach amháin i
Liosta Ceanán.
Agus liosta cainéal roghnaithe, brúigh na
saigheada (suas) nó (síos) chun cainéal a
roghnú, ansin brúigh OK chun féachaint ar an
gcainéal atá roghnaithe. Ní thiúnálann tú ach go dtí na
cainéil atá sa liosta sin nuair atá na heochracha 
  á n-úsáid agat.
*Tabhair faoi deara: Níl an liosta cainéal ceanán ar fáil
nuair is í an Ríocht Aontaithe nó an Iodáil an tír
suiteála.
Cruthaigh Liosta Ceanán
Chun liosta cainéal ceanán a chruthú…
1 - Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.
2 - Brúigh OK chun an liosta cainéal reatha a
oscailt.
3 - Brúigh OPTIONS.
4 - Roghnaigh Cruthaigh Liosta Ceanán agus
brúigh OK.
5 - Roghnaigh cainéal ón liosta ar chlé a bhfuil uait
ceanán a dhéanamh as agus brúigh OK. Taispeánfar
cainéil sa liosta ar thaobh na láimhe deise san ord ina
chuireann tú isteach iad. Roghnaigh an cainéal sa
liosta ar chlé agus brúigh OK arís chun é a chealú.
6 - Más gá, is féidir leat coinneáil ort ag roghnú agus
ag cur cainéil leis an liosta mar cheanáin.
7 - Brúigh Ar ais nuair atá tú réidh ag cur cainéil
leis an liosta.
Iarrfaidh an teilifís ort an Liosta Ceanána athainmniú.
Is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a úsáid.
1 - Úsáid an méarchlár ar an scáileán chun an t-
ainm reatha a scriosadh agus ceann nua a chur
isteach.
2 - Nuair atá sé sin déanta agat,
roghnaigh Dún agus brúigh OK.
Athróidh an teilifís go dtí an Liosta Ceanán atá díreach
cruthaithe.
Is féidir leat réimse cainéal a chur leis an liosta in aon
ghéabh amháin nó Liosta Ceanán nua a thosú tríd an
liosta cainéal a chóipeáil le gach cainéal agus na
cainéil nach bhfuil uait a scriosadh.
Tabharfar uimhir nua do na cainéil sa Liosta Ceanán.
Cuir Réimse Cainéal leis an Liosta
Is féidir leat Roghnaigh Réimse a úsáid chun raon
leanúnach cainéal a chur le Liosta Ceanán.
Chun réimse cainéal a chur leis an liosta…
1 - Oscail an Liosta Ceanán san áit a bhfuil tú ag
iarraidh na cainéil a chur isteach.
2 - Brúigh OPTIONS , roghnaigh Roghnaigh
Réimse agus brúighOK.
3 - Roghnaigh céad chainéal an réimse sa liosta ar
chlé a bhfuil uait é a chur leis an liosta agus
brúigh OK.
4 - Brúigh (síos) chun cainéal deireanach an
réimse a bhfuil uait é a chur leis an liosta a roghnú. Tá
na cainéil marcáilte ar chlé.
5 - Brúigh OK chun an réimse cainéal seo a chur
leis an liosta agus chun é a dhearbhú.
Is féidir leat freisin tús a chur le Liosta Ceanán ó
Roghnaigh Réimse.
Cuir eagar ar Cheanáin
Is féidir leat Cuir eagar ar Cheanáin a úsáid chun raon
leanúnach cainéal a chur le Liosta Ceanán ag an am
céanna.
Chun réimse cainéal a chur leis an liosta…
1 - Oscail an Liosta Ceanán san áit a bhfuil tú ag
iarraidh na cainéil a chur isteach.
2 - Brúigh OPTIONS, roghnaigh Cuir eagar ar
Cheanáin agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh céad chainéal an réimse sa liosta ar
chlé a bhfuil uait é a chur leis an liosta agus
brúigh OK.
17