User manual

Table Of Contents
2 - Roghnaigh focal nó uimhir leis na méaracha
saighde.
3 - Brúigh OK arís chun dul díreach go dtí an chéad
ásc eile den fhocal nó den uimhir sin.
4 - Brúigh OK arís chun dul go dtí an chéad ásc eile.
5 - Chun an cuardach a stopadh, brúigh (suas)
go dtí nach bhfuil aon rud roghnaithe.
Téacs ó ghléas nasctha
Tá roinnt gléasanna a fhaigheann cainéil teilifíse in
ann Téacs a thairgeadh freisin.
Chun Téacs a oscailt ó ghléas nasctha . . .
1 - Brúigh SOURCES, roghnaigh an gléas agus
brúigh OK.
2 - Agus tú ag féachaint ar chainéal ar an ngléas,
brúigh OPTIONS , roghnaigh Taispeáin eochracha
an Ghléis agus roghnaigh an eochair agus
brúighOK.
3 - Brúigh Ar ais chun na heochracha gléis a chur
i bhfolach.
4 - Chun Téacs a dhúnadh, brúigh Ar ais arís.
Téacs (Ríocht Aontaithe amháin)
Tairgeann roinnt craoltóirí teilifíse digití Téacs
Digiteach nó teilifís idirghníomhach ar a gcainéil
dhigiteacha teilifíse. Áirítear leis seo gnáth-Théacs a
úsáidtear leis na heochracha uimhreacha, dathanna
agus nascleanúna chun roghanna a dhéanamh agus
chun bogadh.
Chun Téacs Digiteach a dhúnadh, brúigh Ar ais.
* Ní féidir teilithéacs a fháil ach amháin nuair atá na
cainéil suiteáilte go díreach ar thiúnóir inmheánach na
teililfíse agus nuair atá Mód teilifíse air. Má tá bosca
bairr á úsáid, ní bheidh fáil ar an teilithéacs tríd an
teilifís. Sa chás sin, is féidir teilithéacs an bhosca
bhairr a úsáid ina áit.
Roghanna Téacs
Brúigh OPTIONS in Téacs/Teilitéacs chun na rudaí
seo a leanas a roghnú…
Reoigh leathanach / Díreoigh leathanach
Chun rothlú uathoibríoch fo-leathanach a thosú nó a
stopadh.
Déscáileán / Scáileán iomlán
Chun an cainéal teilifíse agus Téacs a thaispeáint in
aice a chéile.
Forbhreathnú T.O.P.
Chun T.O.P. a oscailt Téacs.
Méadaigh amharc / Gnáth-amharc
Chun an leathanach Téacs a mhéadú le go mbeidh sé
éasca é a léamh.
Nocht
Chun eolas atá i bhfolach ar an leathanach a
thaispeáint.
Teanga
Chun an grúpa carachtar a mbaineann Téacs úsáid
astu chun taispeáint i gceart a athrú.
Téacs 2.5
Chun Téacs 2.5 a ghníomhachtú le haghaidh tuilleadh
dathanna agus grafaicí níos fearr.
Téacs a Shuiteáil
Teanga théacs
Bíonn roinnt teangacha Téacs ar fáil ag roinnt
craoltóirí teilifíse digití.
Chun an phríomhtheanga agus an teanga
thánaisteach Téacs a shocrú . . .
1 - Roghnaigh Socruithe > Réigiúin agus
Teanga agus brúigh (deas) chun an roghchlár a
oscailt.
2 - Roghnaigh Teanga > Téacs
Príomhúil Téacs Tánaisteach agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh na teangacha Téacs is fearr leat.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Téacs 2.5
Má tá sé ar fáil, tairgeann Text 2.5 níos mó dathanna
agus grafaicí níos fearr. Gníomhachtaítear Text 2.5
mar shocrú caighdeánach monarchan.
Chun Téacs 2.5 a chasadh as…
1 - Brúigh TEXT.
2 - Nuair atá Téacs/Teilitéacs oscailte ar an scáileán,
brúigh OPTIONS.
3 - Roghnaigh Téacs 2.5 > As agus brúigh OK.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
5.7
Teilifís Idirghníomhach
Maidir le iTV
Cuireann roinnt craoltóirí digiteacha a ngnáthchlár
teilifíse isteach le leathanaigh eolais nó siamsaíochta i
gcás teilifíse idirghníomhaí. Ar roinnt leathanach, is
féidir leat freagra a thabhairt do chlár nó vótáil,
siopadóireacht ar líne a dhéanamh nó íoc as físeán-ar-
éileamh.
HbbTV, MHEG, . . .
Baineann craoltóirí úsáid as córais teilifíse
idirghníomhacha éagsúla: HbbTV (Teilifís
Leathanbhanda Chraolta Hibrideach) nó iTV (Teilifís
Idirghníomhach - MHEG). Tagraítear do Theilifís
Idirghníomhach ó am go chéile mar Théacs Digiteach
nó cnaipe Dearg. Ach is córas ar leith gach córas.
Téigh go dtí láithreán gréasáin an chraoltóra chun
tuilleadh eolais a fháil.
19