User manual

Table Of Contents
Cainéil Analógacha
Má tá a fhios agat nach bhfuil d'oibritheoir cábla ag
tairiscint cainéal analógach, ní fiú duit cuardach a
dhéanamh do chainéil analógacha.
Saor / Scrofa
Má tá suibscríbhinn agus CAM - Modúl Rochtana
Coinníollaí agat le haghaidh seirbhísí teilifíse nach
mór íoc astu, roghnaigh Saor + Scrofa. Mura bhfuil
suibscríbhinn agat chun cainéil nó seirbhísí teilifíse
nach mór íoc astu a fháil, is féidir leat Cainéil in Aisce
Amháin a roghnú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, brúigh an
eochair datha Eochairfhocail agus déan
cuardach do CAM, Modúl Rochtana Coinníollaí.
Caighdeán Glacachta
Is féidir leat caighdéan agus neart comhartha chainéil
dhigitigh a sheiceáil. Má tá d'aeróg féin agat, is féidir
leat triail a bhaint as suíomh na haeróige a athrú chun
an ghlacacht a fheabhsú.
Chun caighdeán glacachta chainéil dhigitigh a
sheiceáil…
1 - Tiúnáil don chainéal.
2 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil > Suiteáil
Aeróige/Cábla Suiteáil Aeróige agus brúigh OK.
Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Digiteach: Tástáil Glacachta agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK
. Taispeánfar an mhinicíocht dhigiteach don chainéal
seo.
5 - Roghnaigh Cuardaigh arís agus
brúigh OK chun caighdeán comhartha na
minicíochta a sheiceáil. Taispeánfar toradh na tástála
ar an scáileán. Is féidir leat suíomh na haeróige a
athrú nó na naisc a sheiceáil chun an ghlacacht a
fheabhsú.
6 - Is féidir leat freisin an mhinicíocht a athrú tú
féin. Roghnaigh an uimhir minicíochta ceann i
ndiaidh a chéeile agus úsáid na
heochracha (suas) nó (síos) chun an luach a
athrú. Roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK chun
an ghlacacht a thástáil arís.
7 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Suiteáil de Láimh
Is féidir cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de
láimh, cainéal i ndiaidh cainéil.
Chun cainéil analógacha a shuiteáil de láimh…
1 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil > Suiteáil
Aeróige/Cábla Suiteáil Aeróige agus brúigh OK.
Cuir isteach do chód PIN más gá.
2 - Roghnaigh Analógach: Suiteáil de láimh agus
brúigh OK.
Córas
Roghnaigh Córaschun an córas teilifíse a shuiteáil.
Roghnaigh do thír nó an chuid sin den domhan a
bhfuil tú anois inti agus brúigh OK.
Déan Cuardach do Chainéal
Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh Cuardaigh
Cainéal agus brúigh OK. Is féidir leat minicíocht a
chur isteach tú féin chun cainéal a aimsiú nó ligint
don teilifís cuardach a dhéanamh don chainéal.
Brúigh (deas) chun Cuardaigh a roghnú agus
brúigh OK chun cuardach a dhéanamh do chainéal
go huathoibríoch. Taispeánfar an cainéal a aimseofar
ar an scáileán agus má tá an ghlacacht go dona,
brúigh Cuardaigh arís. Má tá uait an cainéal a stóráil,
roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
Stóráil
Is féidir leat an cainéal a stóráil ar uimhir an chainéil
reatha nó mar uimhir cainéil nua.
Roghnaigh Stóráil Cainéal Reatha Stóráil mar
Cainéal Nua agus brúigh OK. Taispeánfar an uimhir
nua cainéal.
Is féidir leat na céimeanna seo a dhéanamh arís agus
arís eile go dtí go bhfuil gach cainéal teilifíse
analógach aimsithe agat.
6.3
Cóipeáil Liosta Cainéal
Réamheolas
Is do dhíoltóirí agus do shainúsáideoirí amháin atá
Cóipeáil Liosta Cainéal beartaithe.
Is féidir leat na cainéil atá suiteáilte ar theilifís amháin
a chóipeáil go dtí teilifís Philips eile den déanamh
céanna le Cóipeáil Liosta Cainéal. Seachnaíonn tú
cuardach cainéal fada trí liosta cainéal atá
réamhshainithe a uaslódáil le Cóipeáil Liosta Cainéal.
Úsáid méaróg chuimhne USB a bhfuil ar a laghad 1 GB
de spás saor uirthi.
Coinníollacha
• Is ón raon bliana céanna an dá teilifís.
• Tá an cineál crua-earraí céanna ag an dá teilifís.
Féach ar an gcineál crua-earraí ar chlár chineál na
teilifíse ar chúl na teilifíse.
26