User manual

Table Of Contents
7.6
Bluetooth
Gléas a Phéireáil
Lonnaigh an callaire gan sreang laistigh d'achar 5
méadar ón teilifís. Léigh treoir úsáideora an ghléis
chun eolas sonrach a fháil faoi phéireáil agus faoi
raon gan sreang. Cinntigh go bhfuil an socrú
Bluetooth ar an teilifís casta air.
A luaithe is atá ceap stiúrtha gan sreang péireáilte, is
féidir leat é a úsáid. Nuair atá callaire gan sreang
péireáilte, is féidir leat é a roghnú chun fuaim na
teilifíse a sheinnt. Nuair atá gléas péireáilte, ní gá é a
phéireáil arís mura mbainfidh tú an gléas as.
Chun gléas Bluetooth a phéireáil leis an teilifís…
1 - Cas air an gléas bluetooth agus lonnaigh laistigh
de raon na teilifíse é.
2 - Roghnaigh Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a
oscailt.
3 - Roghnaigh Bluetooth > Cuardaigh Gléas
Bluetooth agus brúigh OK.
4 - Roghaigh Cuardaigh agus brúigh OK. Lean na
treoracha ar an scáileán. Péireálfaidh tú an gléas leis
an teilifís agus stórálfaidh an teilifís an nasc. Seans go
mbeidh ort gléas atá péireáilte a dhíphéireáil i
dtosach má tá an uasmhéid na ngléasanna péireáilte
bainte amach.
5 - Roghnaigh an cineál gléis agus brúigh OK.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Roghnaigh Gléas
Chun gléas gan sreang a roghnú…
1 - Roghnaigh Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Bluetooth > Cuardaigh Gléas
Bluetooth agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an gléas gan sreang sa liosta agus
brúigh OK.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Bain Gléas as
Is féidir leat gléas Bluetooth gan sreang a nascadh nó
a dhínascadh. Is féidir leat gléas Bluetooth gan sreang
a bhaint as freisin. Má bhaineann tú gléas Bluetooth
as, díphéireálfar an gléas.
Chun gléas gan sreang a bhaint as nó a dhínascadh…
1 - Roghnaigh Socruithe > Gan sreang agus
Líonraí agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Bluetooth > Bain gléas Bluetooth
as agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an gléas gan sreang sa liosta agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Dínasc Bain as agus brúigh OK.
5 - Roghnaigh OK agus brúigh OK chun deimhniú.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
7.7
Cluasáin
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar chúl
na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat
airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
Chun an airde fuaime a athrú…
1 - Brúigh Airde Fuaime , roghnaigh deilbhín na
gcluasán trí úsáid a bhaint as na saigheada (clé) nó
(deas).
2 - Brúigh na saigheada (suas) nó (síos)
chun an airde fuaime a athrú.
7.8
Consól Cluiche
HDMI
Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI
ardluais chun an caighdeán is fearr a fháil.
31