User manual

Table Of Contents
1
Scáileán Baile
1.1
Scáileán Baile agus Cainéil
Nasc an teilifís leis an Idirlíon chun an leas is fearr a
bhaint as do theilifís Android. Brúigh HOME ar do
chianrialtán chun do scáileán Baile Android a fháil.
Díreach cosúil le d'fhón cliste Android nó do
thaibléad, is é an scáileán Baile croí do theilifíse. Is ar
an scáileán Baile atá tú in ann an cinneadh a
dhéanamh cé air a fhéachfaidh tú trí na roghanna
siamsaíochta ón bhfeidhmchlár agus ó theilifís bheo a
bhrabhsáil.
Tá cainéil ag do leathanach Baile chun ligint duit
teacht ar inneachar ó na feidhmchláir is ansa leat. Is
féidir leat cainéil bhreise a chur leis an liosta nó
feidhmchláir nua a aimsiú chun tuilleadh inneachair a
fháil.
Eagraítear an Scáileán Baile de réir cainéal. Féadfaidh
gach feidhmchlár a mholtaí féin a dhéanamh (más
ann dóibh) de réir a roghanna féin mar chainéil aonair
sa scáileán baile.
Feidhmchláir
Is ar an gcéad ró atá na Feidhmchláir is ansa leat. Tá
an líon feidhmchlár atá réamhshuiteáilte sa ró seo.
Déantar ord a chur ar na bhfeidhmchláir seo de réir
comhaontaithe gnó le soláthraithe seirbhíse
inneachair. Gheobhaidh tú na Feidhmchláir sa ró seo
freisin cosúil le Bailiúchán Philips TV, Féach ar
Theilifís, Eolaire Teilifíse, Meáin agus eile.
Teilifís bheo
Taispeánann Teilifís bheo na cláir atá á rith faoi láthair
ó na cainéil shuiteáilte.
An cainéal Seinn an Chéad Cheann eile
Beidh a fhios agat i gcónaí céard é an chéad chlár eile
ar an gcainéal Seinn an Chéad Cheann eile ar an
scáileán Baile. Tosaigh ag féachaint ón áit ar stop tú
agus faigh fógraí faoi eagráin nua sa chainéal Seinn
an Chéad Cheann eile. Brúigh agus coinnigh síos
Roghnaigh ar scannán nó clár teilifíse chun é a chur
go díreach ar an gcainéal Seinn an Chéad Cheann
eile.
Google Play Movies & Cainéal teilifíse
Tóg amach scannáin nó cláir teilifíse ar cíos ar an
gcainéal seo ó Google Play Movies & TV.
Cainéal cabhrach
Tá físeáin teagaisc “An chaoi le...” ar an gcainéal seo
chun tú a chur ar an eolas faoin gcaoi an trealamh a
bhaint amach as an mbosca, an chaoi gléasanna
seachtracha a nascadh, an chaoi cainéal a shuiteáil,
etc.
Cainéal YouTube
Ar an gcainéal seo, gheobhaidh tú d’fhíseáin YouTube
Mholta, Suibscríbinne nó Treochtaí.
Saincheap cainéil
Cliceáil an cnaipe SAINCHEAP CAINÉIL chun cainéil a
chur ar do scáileán Baile agus iad a bhaint de.
Rochtain a fháil ar shocruithe ón scáileán Baile
Is féidir leat rochtain a fháil ar an roghchlár Gach
Socrútrí an deilbhín sa choirnéal ar thaobh na láimhe
deise. Tá roghchlár na Socruithe minice agus
míreanna coiteanna roghchláir le fáil ar an Roghchlár
Philips TV chomh maith. Is féidir rochtain dhíreach a
fháil orthú ón gcianrialtán.
An barra córais ar an scáileán Baile
Tá na gnéithe seo a leanas ar fáil ar an mbarra Córais
ar bharr an scáileáin Baile:
- Cnaipe Cuardaigh: chun tús a chur le cuardach
Google le hionchur gutha nó téacs. Taispeántar
toradh an chuardaithe agus ord an chuardaithe de réir
comhaontaithe gnó le soláthraithe seirbhíse
inneachair.
- Foinse ionchuir: chun liosta na bhfoinsí ionchuir a
lainseáil agus athrú go dtí aon cheann de na
gléasanna nasctha.
- Fógraí: chun teachtaireachtaí a thabhairt duit faoi
do chóras Smart TV.
- Socruithe: chun rochtain a fháil ar roghchlár na
socruithe uile agus socruithe na teilifísed a athrú.
- Clog: chun clog an chórais a thaispeáint.
Féach ar www.support.google.com/androidtv freisin
1.2
Feidhmchláir agus Bailiúchán
Philips TV
Feidhmchláir
Is féidir leat tuilleadh feidhmchlár a chur leis an liosta
ceanán ó leathanach na bhFeidhmchlár. Is féidir
leathanach na bhFeidhmchlár a oscailt trí chliceáil ar
dheilbhín na bhFeidhmchlár ar thaobh na láimhe clé
ar fad de ró na bhFeidhmchlár. Ar an leathanach
Feidhmchláir, gheobhaidh tú gach Feidhmchlár
suiteáilte a thagann leis an teilifís mar aon leis na
Feidhmchláir a shuiteálann tú féin ón mBailiúchán
Philips TV nó Google Play™ Store.
Bailiúchán Philips TV
Tá gach ceann de d’fheidhmchláir phréimhe ar fáil
4