User manual

Table Of Contents
Iontráil
Chun an phróifíl shrianta a iontráil (athraigh go)…
1 - Roghnaigh Socruithe > Socruithe Androidagus
brúigh OK.
2 - Brúigh (síos) agus roghnaigh Roghanna
gléis > Slándáil & sriantaí agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Iontráil próifíl shrianta agus
brúigh OK.
4 - Cuir isteach cód PIN leis an gcianrialtán.
5 - Brúigh Ar ais chun dul siar céim amháin nó
brúigh EXIT chun an roghchlár a dhúnadh.
Taispeánfar deilbhín ar an scáileán Baile má théann
tú isteach i bpróifíl shrianta. Scrolláil síos
chuig Socruithe agus scrolláil ar dheis ar fad.
Scrios
Chun an phróifíl shrianta a scriosadh…
1 - Roghnaigh Socruithe > Socruithe Androidagus
brúigh OK.
2 - Brúigh (síos) agus roghnaigh Roghanna
gléis > Slándáil & sriantaí agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Scrios próifíl shrianta agus
brúigh OK.
4 - Cuir isteach an cód PIN. Scriosfaidh an teilifís an
phróifíl shrianta.
9.5
Bainistigh Feidhmchláir
Má stopann tú feidhmchlár agus má fhilleann tú ar an
roghchlár Baile, níl an feidhmchlár stoptha. Tá an
feidhmchlár beo sa chúlra i gcónaí. Ní mór don chuid
is mó d'fheidhmchláir roinnt sonraí a shábháil i
gcuimhne thaisce na teilifíse chun feidhmiú go maith.
D'fhéadfadh sé a bheith inmholta feidhmchlár a
stopadh ar fad nó sonraí taisce feidhmchláir faoi leith
a ghlanadh chun feidhmíocht feidhmchlár ar an
iomlán a optamú agus chun úsáid chuimhne a
choinneáil íseal ar do Android TV. Anuas air sin, is é
an cleachtas is fearr feidhmchláir nach bhfuil in úsáid
agat a dhíshuiteáil.
9.6
Stóráil
Is féidir leat féachaint ar an méid spáis stórála –
cuimhne inmheánach na teilifíse – atá á úsáid agat do
d'fheidhmchláir, físeáin, ceol, etc, agus ar an méid
spáis atá saor i gcónaí agat chun feidhmchláir nua a
shuiteáil. Seiceáil do stóráil má tá d'fheidhmchláir
mall nó mura bhfuil siad ag obair i gceart.
Chun an méid stórála atá á úsáid agat a fheiceáil…
1 - Roghnaigh Socruithe > Socruithe Androidagus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Roghanna gléis > Stóráil agus
brúigh OK.
3 - Féach ar úsáid stórála chuimhne na teilifíse.
4 - Brúigh Ar ais chun dul siar céim amháin nó
brúigh EXIT chun an roghchlár a dhúnadh.
Diosca Crua USB
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat an
diosca crua a úsáid chun síneadh a chur le cuimhne
na teilifíse chun go mbeidh tú in ann tuilleadh
feidhmchláir a stóráil. Lig don Diosca Crua USB a
bheith úsáidte mar chuimhne teilifíse bhreise i rith an
phróisis formáidithe. Déanfaidh an teilifís iarracht na
feidhmchláir nua a stóráil ar an Diosca Crua USB i
dtosach. Tá roinnt feidhmchláir ann nach bhfuil
ceadaithe iad a stórail ar Dhiosca Crua USB.
Chun do shonraí reatha a ascnamh, téigh go dtí
Socruithe > Socruithe Android > Roghanna gléis >
Stóráil agus roghnaigh an Diosca Crua USB.
43