User manual
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Cainéil
- 6 Suiteáil Cainéal
- 7 Nasc Gléasanna
- 7.1 Maidir le Naisc
- 7.2 CAM le Cárta Cliste - CI+
- 7.3 Córas Amharclainne Baile - HTS
- 7.4 Fóin Chliste agus Táibléid
- 7.5 Seinnteoir Diosca Blu-ray
- 7.6 Bluetooth
- 7.7 Cluasáin
- 7.8 Consól Cluiche
- 7.9 Diosca Crua USB
- 7.10 Méarchlár, nasc
- 7.11 Méaróg Chuimhne USB
- 7.12 Ceamara grianghraif
- 7.13 Camthaifeadán
- 7.14 Fodhordaire
- 7.15 Ríomhaire
- 8 Nasc do Android TV
- 9 Feidhmchláir
- 10 Idirlíon
- 11 Mear-Roghchlár
- 12 Naisc, Liosta
- 13 Líonraí
- 14 Socruithe
- 15 Meáin
- 16 Eolaire Teilifíse
- 17 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Ambilight
- 21 Sár-Roghanna
- 22 Freeview Play
- 23 Netflix
- 24 Alexa
- 25 Bogearaí
- 26 Sonraíochtaí
- 27 Cúnamh agus Tacaíocht
- 28 Sábháilteacht agus Cúram
- 29 Téarmaí Úsáide
- 30 Cóipchearta
- 31 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
ag seinnt ceoil ón bhfeidhmchlár DTS Play-Fi.
Chun fuaim a shruthú gan sreang chuig callairí, beidh
na nithe seo a leanas ag teastáil uait...
• Philips Android Smart TV a thacaíonn le DTS Play-Fi
• Gléas inoiriúnaithe DTS Play-Fi
• An feidhmchlár DTS Play-Fi ar do Philips TV
• Gléas soghluaiste cosúil le d’fhón nó do thaibléad
• An feidhmchlár DTS Play-Fi nó an feidhmchlár DTS
Play-Fi Headphones suiteáilte ar d’fhón nó do
tháibléad
• Líonra Wi-Fi
An trealamh chun gléas inoiriúnaithe DTS Play-Fi a
nascadh
1 - Íoslódáil an feidhmchlár DTS Play-Fi nó an
feidhmchlár DTS Play-Fi Headphones agus suiteáil an
Feidhmchlár ar d’fhón nó ar do tháibléad.
2 - Úsáid an feidhmchlár DTS Play-Fi nó an
feidhmchlár DTS Play-Fi Headphones chun cuardach
a dhéanamh don ghléas inoiriúnaithe DTS Play-Fi
agus chun é a shuiteáil. Cinntigh go bhfuil an gléas
DTS Play-Fi nasctha ar an líonra Wi-Fi céanna le do
theilifís.
3 - Oscail an feidhmchlár DTS Play-Fi atá réamh-
shuiteáilte ar do Philips TV agus roghnaigh Nasc
Callairí chun cuardach do ghléasanna inoiriúnaithe
DTS Play-Fi.
4 - Nuair atá an gléas nasctha go rathúil le do
theilifís, is féidir leat na gléasanna a roghnú ón liosta
gléasanna agus an airde fuaime a athrú.
5 - Anois beidh tú in ann fuaim a shruthú ó do
theilifís chuig sraith gléasanna DTS Play-Fi.
Imfhuaim Gan Sreang DTS Play-Fi
Nuair atá an feidhmchlár Play-Fi ar do theilifís, is féidir
leat imfhuaim a shuiteáil le callairí na teilifíse, barra
fuaime agus fo-dhordaire.
1 - Lainseáil Feidhmchlár DTS Play-Fi ar an teilifís
2 - Téigh go dtí an táb Imfhuaim Gan Sreang DTS
Play-Fi agus roghnaigh 'Cuir tús leis an tSuiteáil...'.
3 - Lean na treoracha ar an scáileán chun callairí na
teilifíse agus gléas inoiriúnaithe DTS Play-Fi a shocrú
mar chóras imfhuaime.
Ardsocruithe Fuaime
Rialú Airde Fuaime
Uath-Airde Fuaime
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Uath-
Airde Fuaime.
Roghnaigh Air nó As chun uathchoigeartú an airde
fuaime a chasadh air nó as.
Roghnaigh Mód oíche le haghaidh eispéireas
éisteachta níos compordaí agus níos ciúine.
Delta volume
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Delta
volume.
Is féidir an socrú Delta volume a úsáid chun an difear
idir leibhéal fuaime an chainéil teilifíse agus an t-
ionchur foinse HDMI a chothromú. Brúigh na
saigheada (suas) nó (síos) chun an luach
delta a athrú d’airde fuaime challairí na teilifíse.
*Tabhair faoi deara: Tá Delta volume ar fáil nuair a
shocraítear an fhoinse ionchuir do HDMI nó d’fhoinsí
Analógacha agus nuair a shocraítear an Fhuaim do
Callairí teilifíse nó do Chóras fuaime HDMI.
Fodhordaire amach
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe >
Fodhordaire amach.
Roghnaigh Air/As chun aschur Fodhordaire a
chumasú/dhíchumasú. Cinntigh go bhfuil an gléas
Fodhordaire nasctha leis an teilifís. Maidir leis an nasc,
féach ar Nasc Gléis > Fodhordaire sa lámhleabhar.
Airde fuaime an challaire láir
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Airde
fuaime an challaire láir.
Coigeartaigh airde fuaime an challaire láir má tá an
callaire láir ar fáil ar do theilifís.
Airde fuaime airde
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Airde
fuaime airde.
Coigeartaigh airde fuaime challaire airde na teilifíse
má tá an callaire láir ar fáil ar do theilifís.
Socraithe d'Fhuaim Amach
Fuaim Amach
Mear-Roghchlár > Socruithe Minice > Fuaim
amach.
Socraigh an teilifís chun an fhuaim a sheinnt ar an
teilifís nó ar an gcóras fuaime nasctha.
Is féidir leat an áit a bhfuil tú ag iarraidh fuaime na
teilifíse a chloisteáil a roghnú, agus an chaoi a bhfuil
uait é a rialú.
• Má roghnaíonn tú Callairí Teilifíse As, casann tú as
callairí na teilifíse go buan.
• Má roghnaíonn tú Callairí Teililfíse, beidh na callairí
54