User manual

Table Of Contents
Glan liosta na bhfeidhmchlár faofa
Socruithe > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe HbbTV >
Glan liosta na bhfeidhmchlár faofa.
Chun gach feidhmchlár HbbTV atá faofa ag an
úsáideoir a ghlanadh.
Athshocrú ID Gléis HbbTV
Socruithe > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe HbbTV >
Athshocrú ID Gléis HbbTV.
Is féidir leat aitheantóir gléis uathúil do theilifíse a
athshocrú. Cruthófar aitheantóir nua. Déanfar do ID
Gléis a athsholáthar le haitheantóir nua.
Socruithe Scáileán OLED
Cosaint bhreisithe áitiúil íomhá
Socruithe > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe scáileáin
OLED > Cosaint bhreisithe áitiúil íomhá.
Socraigh an leibhéal cosanta atá uait nuair atá uait
nuair atá íomhá shocair áitiúil ar taispeáint.
Má thaispeántar íomha shocair ar feadh tréimhse
fada, d’fhéadfadh an íomha sin fanacht ar an
scáileán. Tá sé seo normálta do phainéal OLED.
Seachain íomhá shochair a thaispeáint ar an scáileán
teilifíse ar feadh tréimhse fada.
Glan íomhá iarmharach
Socruithe > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe scáileáin
OLED > Glan íomhá iarmharach.
Nuair a thagann tú ar iarmharach íomhá ar an teilifís,
is féidir leat a leithéid de choinneáil íomhá ar an
scáileán a ghlanadh tríd an bhfeidhm seo a
ghníomhachtú.
1 - Roghnaigh Socruithe > Socruithe ginearálta
agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt..
2 - Roghnaigh Ardsocruithe > Socruithe scáileáin
OLED > Glan íomhá iarmharach.
3 - Roghnaigh Deimhnigh.
Casfar an teilifís as go dtí go gcríochnófar an
próiseas.
Má tá tú i mbun taifeadta, cuirfear an próiseas ar sos,
agus tosóidh sé arís go dtí go gcríochnófar an
taifeadadh. D’fhéadfadh sé níos mó ná 1 uair a
thógáil.
Má chasann tú an teilifís air i rith an phróisis, stopfar é
agus tosófar arís go huathoibríoch é nuair a chastar
an teilifís go fuireachas níos deireanaí.
Agus é i mbun próiseála, d’fhéadfadh líne bhán a
bheith ar taispeáint ar an scáileán. Tá sé sin normálta
nuair atáthar ag glanadh íomhá atá coinnithe ar an
scáileán.
Próiseas domhain athnuachana atá i gceist le Glan
íomhá iarmharach, ní do chosaint íomhánna
iarmharacha é. Ní fheidhmeofar de láimh é ach
amháin nuair atá an íomha iarmharach le feiceáil ar
an scáileán fiú nuair atá an teilifís i mód fuireachais ar
feadh 8 n-uaire ar a laghad.
Ainm Próifíle CAM agus Comhéadan
CAM
Socraigh ainm próifíle don CI+/CAM suiteáilte
Socruithe > Socruithe ginearálta > Ainm próifíle
CAM.
Roghnaigh an cineál CI+/CAM
Socruithe > Socruithe ginearálta > Comhéadan
CAM.
Roghnaigh USB chun an CAM USB a chumasú,
déanfar an CAM PCMCIA a dhíchumasú ansin.
Roghnaigh PCMCIA chun an CAM PCMCIA a
chumasú, déanfar an CAM USB a dhíchumasú ansin.
Athshocraigh Socruithe teilifíse agus
Athshuiteáil teilifís
Athshocraigh luach gach socrú go dtí na socruithe
teilifíse bunaidh
Socruithe > Socruithe ginearálta > Socruithe
monarchan.
Suiteáil an teilifís ón tús, agus athraigh stádas na
teilifís ar ais go dtí an chéad uair a chas tú air í
Socruithe > Socruithe ginearálta > Athshuiteáil
teilifís.
Cuir isteach cód PIN agus roghnaigh Tá, athshuiteálfar
an teilifís go hiomlán.
Déanfar gach socrú agus cainéal a athshuiteáil.
D'fhéadfadh an tsuiteáil roinnt nóiméad a thógáil.
60