User manual

Table Of Contents
17
Taifeadadh agus
Cuir Teilifís ar Sos
17.1
Taifeadadh
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat craoladh teilifíse digití a thaifeadadh agus
féachaint air níos deireanaí.
Chun clár teilifíse a thaifeadadh, teastaíonn na nithe
seo a leanas uait…
• Tiomántán Diosca Crua USB nasctha ar an teilifís seo
• cainéil teilifíse dhigiteacha suiteáilte ar an teilifís seo
• chun eolais faoi chainéil a fháil don Eolaire Teilifíse
ar an scáileán
• socrú cloig teilifíse iontaofa. Má athshocraíonn tú
clog na teilifíse de láimh, d'fhéadfadh na taifeadtaí
teipeadh.
Ní féidir leat taifeadadh nuair atá Cuir an Teilifís ar Sos
in úsáid agat.
Maidir le reachtaíocht cóipchirt a fhorfeidhmiú, is
féidir le roinnt soláthróirí DVB srianta éagsúla a chur i
bhfeidhm trí theicneolaíocht DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach) a úsáid. I gcás cainéil chosanta a
chraoladh, d'fhéadfadh srian a bheith ar thaifeadadh,
ar bhailíocht taifead nó ar an líon amharc.
D'fhéadfadh cosc iomlán a bheith ar thaifeadadh. Sa
chás go ndéantar iarracht craoladh cosanta a
thaifeadadh nó taifead éagtha a athsheinnt, seans go
dtaispeánfaí teachtaireacht earráide.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua
USB a shuiteáil, in Cabhair, brúigh an eochair datha
Eochairfhocail agus déan cuardach do Diosca
Crua USB.
Tabhair faoi deara:
Is do chraoladh teilifíse amháin an fheidhm taifeadta.
Ní féidir inneachar a thaifeadadh ó ghléasanna
seachtracha (e.g. HDMI).
Clár a Thaifeadadh
Taifead Anois
Chun an clár a bhfuil tú ag féachaint air anois a
thaifeadadh, brúigh (Taifead) ar an gcianrialtán.
Tosóidh an taifeadadh láithreach.
Chun taifeadadh a stopadh, brúigh (Stop).
Nuair atá sonraí ón Eolaire Teilifíse ar fáil, taifeadfar
an clár a bhfuil tú ag féachaint air ón nóiméad a
bhrúigh an eochair taifeadta go dtí go dtagann
deireadh leis an gclár. Mura bhfuil aon sonraí Eolaire
Teilifíse ar fáil, ní mhairfidh an taifeadadh ach 30
nóiméad. Is féidir leat an t-am a chríochnóidh an
taifeadadh a athrú sa liosta Taifeadtaí.
Sceidealaigh Taifeadadh
Is féidir leat taifeadadh cláir atá le craoladh inniu nó i
gceann cúpla lá (suas le 8 lá) a sceidealú. Bainfidh an
teilifís úsáid as na sonraí ón Eolaire Teilifíse chun tús a
chur le taifeadadh agus chun deireadh a chur leis.
Chun clár a thaifeadadh…
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Ar leathanach an Eolaire Teilifíse, roghnaigh an
cainéal agus an clár a bhfuil uait é a
thaifeadadh. Brúigh (deas) nó (Clé) chun
scrolláil trí chláir cainéil. Úsáid an eochair
datha agus roghnaigh an lá atá uait.
3 - Agus an clár roghnaithe agat, brúigh an eochair
datha Taifead . Tá an clár sceidealta chun
taifeadadh. Taispeánfar rabhadh go huathoibríoch
nuair atá taifeadtaí sceidealta atá ag forluí ar a chéile.
Má tá tú ag beartú clár a thaifeadadh nuair nach
bhfuil tú sa bhaile, ná déan dearmad an teilifís a
fhágáil ar Fuireachas agus an Diosca Crua USB a
fhágáil casta air.
4 - Cuireann an teilifís roinnt ama maoláin isteach ag
deireadh an chláir. Is féidir leat an t-achar ama sin a
mhionathrú le Auto End Margin.
5 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Is féidir leat chomh maith féachaint ar an liosta
meabhrúchán atá socraithe agat.
Chun an liosta meabhrúchán a oscailt…
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Brúigh an eochair datha Sceidealta .
3 - Ar bharr an scáileáin,
roghnaigh Sceidealta agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh an táb Meabhrúcháin i liosta na
dtaifeadtaí atá sceidealta agus na meabhrúchán agus
brúigh OK chun féachaint ar na meabhrúcháin
amháin.
5 - Brúigh an eochair datha Bain as chun an
meabhrúchán atá roghnaithe a bhaint as. Brúigh an
eochair datha Taifead chun an clár atá
roghnaithe a thaifeadadh.
6 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Liosta Taifeadtaí
Is féidir leat do chuid taifeadtaí a fheiceáil agus a
bhainistiú sa liosta taifeadtaí. In aice leis an liosta
taifeadtaí, tá lisota eile ann do thaifeadtaí sceidealta
agus do mheabhrúcháin.
70