User manual

Table Of Contents
Ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán
Teastaíonn roinnt ama ón teilifís tosú. I rith an ama
sin, ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán ná do
rialcuithe na teilifíse. Is gnáthiompar é sin.
Má leanann an teilifís gan freagairt don chianrialtán, is
féidir leat seiceáil an bhfuil an cianrialtán ag obair trí
úsáid a bhaint as ceamara ar fhón soghluaiste. Cuir an
fón i mód ceamar agus pointeáil an cianrialtán i dtreo
lionsa an cheamara. Má bhrúnn tú aon eochair ar an
gcianrialtán agus má thugann tú faoi deara caochaíl
infridhearg an LED tríd an gceamara, tá an cianrialtán
ag obair. Ní mór an teilifís a sheiceáil.
Mura bhfuil an chaochaíl le tabhairt faoi deara,
d'fhéadfadh an cianrialtán a bheith briste nó
d'fhéadfadh a gceallraí a bheith briste.
Ní féidir an modh seo chun an cianrialtán a sheiceáil a
úsáid le cianrialtáin atá péireáilte leis an teilifís gan
sreang.
Téann an teilifís ar ais go Fuireachas tar éis scáileán
tosaithe Philips a thaispeáint
Nuair atá an teilifís i bhFuireachas, taispeántar
scáileán tosaithe Philips, ansin filleann an teilifís ar
mhód Fuireachais. Is gnáthiompar é sin. Nuair a
dhínasctar an teilifís agus nuair a nasctar arís í leis an
soláthar cumhachta, taispeántar an scáileán tosaithe
an chéad uair eile a thosaítear í. Chun an teilifís a
chasadh air ó Fhuireachas, brúigh ar an gcianrialtán
nó ar an teilifís.
Coinníonn an solas Fuireachais leis ag caochaíl
Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan 5 nóiméad sula nascann tú an cábla
cumhachta arís. Má tharlaíonn an chaochaíl arís, déan
teagmháil le Philips TV Consumer Care.
Cainéil
Níor aimsíodh aon chainéal digiteach i rith na
suiteála
Féach ar na sonraíochtaí teicniúla chun a chinntiú go
dtacaíonn do theilifís le DVB-T nó DVB-C i do thír.
Cinntigh go bhfuil na cáblaí nasctha i gceart agus go
bhfuil an líonra ceart roghnaithe.
Níl na cainéil a suiteáladh roimhe seo sa liosta
cainéal
Cinntigh go bhfuil an liosta cainéal ceart roghnaithe.
Cúram scáileán OLED
Teicneolaíocht úrscothach is ea OLED Display agus tá
líon mór gradam bainte amach aige in éineacht lenár
Picture Quality Engine. Chun a chinntiú go bhfaighidh
tú an fheidhmíocht is fearr ó do theilifís i gcónaí,
tabharfaidh sí faoi phróiseas glanta ar an taispeáint
agus í i bhfuireachas.
Mura gcuireann tú do theilifís i bhfuireachas ariamh,
tabharfar fógraí rialta duit i bhfoirm teachtaireachtaí ar
an scáileán nach mór don taispeáint an próiseas
glanta seo a dhéanamh. Lean na treoracha sin i
gcónaí. Má chuireann tú an próiseas sin siar arís agus
arís, d’fhéadfadh coinneáil íomhá a bheith mar
thoradh air, rud a d’fhéadfadh do bharánta a chur ar
neamhní.
Ba cheart do theilifís a fhágáil i bhfuireachas chun go
mbeidh sí in ann an próiseas glanta a dhéanamh sa
chúlra.
Molaimid chomh maith go ndéanfaidh tú iarracht gan
íomhánna statacha a thaispeáint ar bhonn leanúnach.
Taifeach Taispeána na Teilifíse a athnuachan
Chun an scáileán a chosaint, ní mór an OLED TV a
athnuachan ó am go chéile.
Tá 2 chineál próiseas athnuachana:
• Gnáth-athnuachan: Tarlóidh sé seo go huathoibrích
agus tógann sé isteach is amach le 10 nóiméad nuair
atá an teililfís i mód fuireachais.
• Athnuachan iomlán: Tógann sé seo isteach is amach
le 80 nóiméad agus ní mór don tomhaltóir é a thosú.
Taispeánfar líne bhán chothrománach ar an scáileán
ar feadh tamaill i rith an phróisis.
Chun ligint don OLED TV an athnuachan a dhéanamh
i gceart, cloígh leis na céimeanna seo a leanas:
• Chun go dtarlóidh an gnáthpróiseas athnuachana go
huathoibríoch, úsáid an cianrialtán i gcónaí chun an
teilifís a chasadh as agus coinnigh an teilifís plugáilte
isteach.
• Nuair a thaispeántar an teachtaireacht gnáth-
athnuachana ar scáileán na teilfíse, lean na treoracha
ar an scáileán a mholtar duit.
• Is féidir próiseas domhain athnuachana a
ghníomhachtú de láimh trí Socruithe > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > Socruithe scáileáin OLED
> Glan íomhá iarmharach. Is féidir teachtaireacht
foláirimh a thaispeáint ar an teilifís freisin chun
iarraidh ar an úsáideoir athnuachan dhomhain a
dhéanamh. Lean na treoracha agus coinnigh
cumhacht na teilifíse plugáilte isteach chun ligint don
phróiseas iomlán críochnú. Tógfaidh sé 80 nóiméad.
Ní dhéanfar an próiseas domhain athnuachana ach
amháin nuair a fheictear íomhá iarmharach ar an
scáileán, fiú tar éis a bheith i bhfuireachas ar feadh 8
91