operation manual

5
Naisc
5.1
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde
caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar
chaighdeán maith chun a chinntiú go mbeidh aistriú
maith pictiúr agus fuaimeanna ann.
Nuair a nascann tú gléas, aithníonn an teilifís a chineál
agus tugann sé ainm cineáil ceart do gach gléas. Is
féidir leat an t-ainm cineáil a athrú más mian leat. Má
shocraítear ainm cineáil ceart do ghléas, athraíonn an
teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe teilifíse is
fearr a fheileann di nuair a athraíonn tú go dtí an gléas
seo sa roghchlár Foinsí.
Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a
nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt
ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas
maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí
atá le húsáid.
Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com
5.2
Aeróg
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa
soicéad Aeróige ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a
dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte
aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir
DVB-T agus DVB-C.
5.3
Satailít
Ceangail an nascóir satailíte den chineál F leis an
nasc satailíte SAT ar chúl na teilifíse.
5.4
Gléas Físe
HDMI
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le
nasc HDMI.
Chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil, úsáid
cábla HDMI ardluais agus ná húsáid cábla HDMI níos
faide ná 5 m, agus nasc freisin gléasanna a thacaíonn
le HDR ar HDMI 2 nó HDMI 3.
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar
Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha
chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar
chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray.
Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach).
11