operation manual

CAManna Satailíte
Má úsáideann tú CAM – Modúl Rochtana Coinníollaí
a bhfuil cárta cliste aige – chun féachaint ar chainéil
satailíte, molaimid go ndéanfaí an tsuiteáil satailíte
nuair atá an CAM curtha isteach sa teilifís.
Baintear úsáid as an gcuid is mó de CAManna chun
cainéil a dhíscrobhadh.
Is féidir leis na CAManna is nuaí (CI+ 1.3 le Próifíl
Oibritheora) na cainéil satailíte a shuiteáil leo féin ar
do theilifís. Tabharfaidh an CAM cuireadh duit a
shatailít(í) agus cainéil a shuiteáil. Ní hamháin go
suiteálann agus ndíscrobhann na CAManna seo na
cainéil ach láimhseálann siad nuashonruithe cainéal
rialta freisin.
Cóipeáil Liosta Cainéal
Réamheolas
Is do dhíoltóirí agus d'ardúsáideoirí atá Cóipeáil liosta
cainéal beartaithe.
Is féidir leat na cainéil atá suiteáilte ar theilifís amháin
a chóipeáil go dtí teilifís Philips eile den déanamh
céanna le Cóipeáil Liosta Cainéal. Seachnaíonn tú
cuardach cainéal fada trí liosta cainéal atá
réamhshainithe a uaslódáil le Cóipeáil Liosta Cainéal.
Úsáid méaróg chuimhne USB a bhfuil ar a laghad 1 GB
de spás saor uirthi.
Coinníollacha
• Is ón raon bliana céanna an dá teilifís.
• Tá an cineál crua-earraí céanna ag an dá teilifís.
Féach ar an gcineál crua-earraí ar chlár chineál na
teilifíse ar chúl na teilifíse. Go hiondúil, Q atá ann. . .
LA
• Tá leaganacha bogearraí ag an dá theilifís atá
comhoiriúnach.
Cóipeáil Liosta Cainéal, Seiceáil Leagan an Liosta
Cainéal
Liosta cainéal a chóipeáil
(Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Cóipeáil liosta cainéal > Cóipeáil go
dtí USB
Seiceáil leagan an liosta cainéal
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Socruithe
ginearálta > Cóipeáil Liosta Cainéal > Leagan
reatha
Liosta Cainéal a Uaslódáil
Teilifíseanna nach bhfuil suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís nach bhfuil suiteáilte fós
1 - Plugáil isteach an pluga cumhachta chun an
tsuiteáil a thosú agus roghnaigh teanga agus tír. Is
féidir leat dul thar an gcuardach cainéal. Críochnaigh
an tsuiteáil.
2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a
bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
3 - Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal,
brúigh (Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Cóipeáil Liosta Cainéal > Cóipeáil
chuig an teilifís agus brúigh OK. Cuir isteach do chód
PIN más gá.
4 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear
an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain
amach an mhéaróg chuimhne USB.
Teilifíseanna Suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin
1 - Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo
a fhíorú, féach ar an gcaibidil Athshuiteáil cainéil.
Tosaigh an nós imeachta seo go dtí go mbainfidh tú
an socrú tíre amach. Brúigh BACK chun an
tsuiteáil a chealú.)
Má tá an tír ceart, téigh ar aghaidh go dtí céim 2.
Mura bhfuil an tír ceart, ní mór duit athshuiteáil a
thosú. Féach ar an gcaibidil Athshuiteáil cainéilagus
tosaigh an tsuiteáil. Roghnaigh an tír cheart agus
gabh thar an gcuardach cainéil. Críochnaigh an
tsuiteáil. Nuair atá sé sin déanta agat, lean ar aghaidh
le céim 2.
2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a
bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
3 - Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal,
brúigh (Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Cóipeáil Liosta Cainéal > Cóipeáil
chuig an teilifís agus brúigh OK. Cuir isteach do chód
PIN más gá.
4 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear
an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain
amach an mhéaróg chuimhne USB.
22