operation manual

Roghanna Cainéal
Roghanna Oscailte
Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat roinnt
roghanna a shocrú.
Ag brath ar an gcineál cainéil a bhfuil tú ag féachaint
air nó ag brath ar na socruithe teilifíse atá déanta
agat, tá roinnt roghanna ar fáil.
Chun roghchlár na roghanna a oscailt…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh
OPTIONS .
2 - Brúigh OPTIONS arís chun é a dhúnadh..
Fotheidil
Chun Fotheidil a chasadh air, brúigh SUBTITLE.
Is féidir leat fotheidil a athrú go Fotheideal
air Fotheideal as. Mar rogha air sin, is féidir leat
Uathoibríoch a roghnú.
Uathoibríoch
Más faisnéis teanga cuid den chraoladh digiteach
agus mura bhfuil an clár atá á chraoladh i do theanga
(an teanga a socraíodh ar an teilifís), is féidir leis an
teilifís fotheidil a thaispeáint go huathoibríoch i
gceann amháin de na teangacha fotheideal atá
roghnaithe agat. Ní mór do cheann amháin de na
teangacha fotheideal sin a bheith ina cuid den
chraoladh.
Is féidir leat na teangacha fotheideal is fearr leat a
roghnú in Teanga Fotheideal.
Teanga Fotheideal
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal
is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile
atá ar fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fotheideal
ar fáil, ní féidir leat an rogha seo a roghnú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhai, brúigh an
eochair datha Eochairfhocail agus déan
cuardach do Teanga Fotheideal.
Teanga Fuaime
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fuaime is
fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fuaime eile atá ar
fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fuaime ar fáil, ní
féidir leat an rogha seo a roghnú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, brúigh an
eochair datha Eochairfhocail agus déan
cuardach do Teanga Fuaime.
Dual I-II
Má tá dhá theanga fuaime ag comhartha fuaime ach
gan aon tásc teanga ag teanga amháin nó ag an dá
theanga, beidh an rogha seo ar fáil.
Comhéadan Coiteann
Má tá scothábhar réamhíoctha ar fáil ó CAM, is féidir
leat socraithe an tsoláthróra a shocrú leis an rogha
seo.
Monofónach / Steiréafónach
Is féidir leat fuaim cainéil analógaigh a athrú go
Monofónach nó Steiréafónach.
Chun athrú go Monofónach nó Steiréafónach…
Tiúnáil go dtí cainéal analógaigh.
1 - Brúigh OPTIONS, roghnaigh Monofónach /
Steiréafónach agus brúigh (deas).
2
- Roghnaigh Monofónach
Steiréafónach agus brúigh OK.
3 - Brúigh arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Stádas
Roghnaigh Stádas chun féachaint ar eolas teicniúil
ar an gcainéal nó ar ghléas nasctha a bhfuil tú ag
féachaint air.
Hbb TV ar an gCainéal seo
Má tá uait rochtain ar leathanaigh HbbTV a
sheachaint ar chainéal ar leith, is féidir leat na
leathanaigh HbbTV a bhlocáil don chainéal sin
amháin.
1 - Tiúin go dtí an cainéal a bhfuil uait na leathanaigh
HbbTV a bhlocáil.
2 - Brúigh OPTIONS agus roghnaigh HbbTV ar an
gcainéal seo agus brúigh (deas).
3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Chun HbbTV a bhlocáil go hiomlán ar an teilifís…
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Socruithe
ginearálta > Ardsocruithe > HbbTV > As
23