operation manual

9
Taifeadadh agus
Cuir Teilifís ar Sos
9.1
Taifeadadh
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat craoladh teilifíse digití a thaifeadadh agus
féachaint air níos deireanaí.
Chun clár teilifíse a thaifeadadh, teastaíonn na nithe
seo a leanas uait…
• Tiomántán Diosca Crua USB nasctha ar an teilifís seo
• cainéil teilifíse dhigiteacha suiteáilte ar an teilifís seo
• chun eolais faoi chainéil a fháil don Eolaire Teilifíse
ar an scáileán
• socrú cloig teilifíse iontaofa. Má athshocraíonn tú
clog na teilifíse de láimh, d'fhéadfadh na taifeadtaí
teipeadh.
Ní féidir leat taifeadadh nuair atá Cuir an Teilifís ar Sos
in úsáid agat.
Maidir le reachtaíocht cóipchirt a fhorfeidhmiú, is
féidir le roinnt soláthróirí DVB srianta éagsúla a chur i
bhfeidhm trí theicneolaíocht DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach) a úsáid. I gcás cainéil chosanta a
chraoladh, d'fhéadfadh srian a bheith ar thaifeadadh,
ar bhailíocht taifead nó ar an líon amharc.
D'fhéadfadh cosc iomlán a bheith ar thaifeadadh. Sa
chás go ndéantar iarracht craoladh cosanta a
thaifeadadh nó taifead éagtha a athsheinnt, seans go
dtaispeánfaí teachtaireacht earráide.
Tabhair faoi deara:
Is do chraoladh teilifíse amháin an fheidhm taifeadta.
Ní féidir inneachar a thaifeadadh ó ghléasanna
seachtracha (e.g. HDMI).
Clár a Thaifeadadh
Taifead Anois
Chun an clár a bhfuil tú ag féachaint air anois a
thaifeadadh, brúigh (Taifead) ar an gcianrialtán.
Tosóidh an taifeadadh láithreach.
Chun taifeadadh a stopadh, brúigh (Stop).
Nuair atá sonraí ón Eolaire Teilifíse ar fáil, taifeadfar
an clár a bhfuil tú ag féachaint air ón nóiméad a
bhrúigh an eochair taifeadta go dtí go dtagann
deireadh leis an gclár.
• Má fhaigheann tú eolas don eolaire teilifíse ón
Idirlíon, is féidir leat am deiridh an taifeadta a athrú
san fhuinneog aníos sula ndearbhóidh tú an
taifeadadh.
• Má fhaigheann tú eolas ón Eolaire teilfíse ón
gcraoltóir, tosóidh an taifeadadh láithreach. Is féidir
leat an t-am a chríochnóidh an taifeadadh a athrú sa
liosta taifeadtaí.
Sceidealaigh Taifeadadh
Is féidir leat taifeadadh cláir atá le craoladh inniu nó i
gceann cúpla lá (suas le 8 lá) a sceidealú. Bainfidh an
teilifís úsáid as na sonraí ón Eolaire Teilifíse chun tús a
chur le taifeadadh agus chun deireadh a chur leis.
Chun clár a thaifeadadh…
1 - Brúigh Eolaire Teilifíse .
2 - Ar leathanach an Eolaire Teilifíse, roghnaigh an
cainéal agus an clár a bhfuil uait é a
thaifeadadh. Brúigh (Deas) nó (Clé) chun
scrolláil trí chláir cainéil.
3 - Agus an clár roghnaithe agat, brúigh an eochair
datha Taifead . Tá an clár sceidealta chun
taifeadadh. Taispeánfar rabhadh go huathoibríoch
nuair atá taifeadtaí sceidealta atá ag forluí ar a chéile.
Má tá tú ag beartú clár a thaifeadadh nuair nach
bhfuil tú sa bhaile, ná déan dearmad an teilifís a
fhágáil ar Fuireachas agus an Diosca Crua USB a
fhágáil casta air.
Liosta Taifeadtaí
Is féidir leat do chuid taifeadtaí a fheiceáil agus a
bhainistiú sa liosta taifeadtaí. In aice leis an liosta
taifeadtaí, tá lisota eile ann do thaifeadtaí sceidealta
agus do mheabhrúcháin.
Chun an liosta taifeadtaí a oscailt…
Brúigh Eolaire Teilifíse .
1 - Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
2 - Sa liosta taifeadtaí, roghnaigh na
tábanna Nua, Feicthe Éagtha agus
brúigh OK chun d'amharc a scagadh.
3 - Nuair atá taifeadadh roghnaithe sa liosta, is féidir
an taifeadadh a bhaint as leis an eochair
datha Bain As . Is féidir leat taifeadadh a
athainmniú leis an eochair datha Athainmnigh .
Is féidir le craoltóir teorainn a chur leis an líon
laethanta ar féidir féachaint ar thaifeadadh. Nuair a
théann an tréimhse seo in éag, marcálfar an
taifeadadh mar éagtha. Is féidir le taifeadadh sa liosta
an líon laethanta sula ngabhfaidh sé in éag a
thaispeáint.
Nuair a chuireann an craoltóir cosc le taifeadadh
sceidealaithe nó nuair a bhristear isteach ar
chraoladh, marcáiltear taifeadadh mar Teipthe.
29