operation manual

10
Meáin
10.1
Ó Nasc USB
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghaif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg chuimhne USB nó
diosca crua USB nasctha.
Agus an teilifís casta air agat, plugáil isteach méaróg
chuimhne USB nó Diosca Crua USB i gceann de na
naisc USB.
Brúigh SOURCES, ansin roghnaigh USB, is
féidir leat do chomhaid sa struchtúr fillteán atá
eagraithe agat ar an Diosca Crua USB a bhrabhsáil.
Rabhadh:
Má dhéanann tú iarracht clár a chur ar sos nó é a
thaifeadadh nuair atá Diosca Crua USB, iarrfaidh an
teilifís ort an Diosca Crua USB a fhormáidiú.
Scriosfaidh an formáidiú seo gach comhad reatha ar
an Diosca Crua USB.
10.2
Grianghraif
Féach ar Ghrianghraif
1 - Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3 - Roghnaigh Grianghraf, is féidir leat Sort a
bhrú chun do ghrianghraif a bhrabhsáil de réir dáta,
mí, bliana nó de réir aibítre.
4 - Roghnaigh ceann de na grianghraif agus
brúigh OK chun féachaint air.
• Chun féachaint ar ghrianghraif, roghnaigh
Grianghraif sa bharra roghchláir, roghnaigh
mionshamhail grianghraif agus brúigh OK.
• Má tá roinnt grianghraf san fhillteán céanna,
roghnaigh grianghraf agus brúigh Taispeántas
sleamhnán chun taispeántas sleamhnán de gach
grianghraf san fhillteán seo a thosú.
• Féach ar ghrianghraf agus brúigh INFO chun an
t-eolas seo a thaispeáint faoi:
Barra dul chun cinn, an barra chun Athsheinm a rialú,
(Téigh go dtí an grianghraf roimhe sin i bhfillteán),
(Téigh go dtí an chéad ghrianghraf eile i bhfillteán),
(Tosaigh taispeántas sleamhnán), (Cuir
athsheinm ar sos), (Tosaigh taispeántas
sleamhnán), (Rothlaigh grianghraf)
Roghanna Grianghraif
Nuair atá grianghraif ar an scáileán,
brúigh OPTIONS chun…
Liosta/Mionshamhlacha
Féach ar ghrianghraif le hamharc liosta nó le hamharc
mionshamhlacha.
Athsheinn go randamach air, Athsheinn go
randamach as
Féach ar na pictiúir in ord seicheamhach, nó go
randamach.
Seinn arís, Seinn uair amháin
Féach ar na pictiúir arís agus arís eile, nó díreach uair
amháin.
Luas an Taispeántais Sleamhnán
Socraigh luas an taispeántais sleamhnán.
Trasdulta taispeántas sleamhnán
Socraigh an trasdul ó phictiúr amháin go dtí an chéad
phictiúr eile.
10.3
Físeáin
Físeáin a Sheinnt
Chun físeán a sheinnt ar an teilifís…
Roghnaigh Físeáin , agus roghnaigh ainm an
chomhaid agus brúigh OK.
• Chun an físeán a chur ar sos, brúigh OK. Brúigh OK
arís chun leanúint ar aghaidh.
• Chun atochrais nó mear-chasadh, brúigh .
Brúigh na heochracha roinnt uaireanta chun an luas a
ardú - 2x, 4x, 8x, 16x, 32x.
• Chun léim chuig an chéad fhíseán eile i bhfillteán,
brúigh OK chun é a chur ar sos agus
roghnaigh ar an scáileán agus brúigh OK.
• Chun athsheinnt an fhíseáin a stopadh, brúigh
(Stop).
• Chun dul ar ais go dtí an fillteán, brúigh .
Oscail fillteán físeán
1 - Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3 - Roghnaigh Físeáin agus roghnaigh físeán, is
féidir leat OK a bhrú chun an físeán atá roghnaithe a
sheinnt.
• Roghnaigh físeán agus brúigh INFO chun eolas
faoin gcomhad a thaispeáint.
• Athsheinn físeán agus brúigh INFO chun an t-
eolas seo a thaispeáint faoi:
Barra dul chun cinn, an barra chun Athsheinm a rialú,
(Téigh go dtí an físeán roimhe sin i bhfillteán),
(Téigh go dtí an chéad fhíseán eile i
31