operation manual

12
Líonra
12.1
Líonra Baile
Ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon
chun leas a bhaint as cumais iomlána an Philips
Smart TV.
Nasc an teilifís le líonra baile a bhfuil nasc ardluais
don Idirlíon aige. Is féidir leat do theilifís a nascadh le
do ródaire líonra gan sreang nó sreangaithe.
12.2
Nasc le Líonra
Nasc gan Sreang
A bhfuil de dhíth ort
Teastaíonn ródaire Wi-Fi a bhfuil nasc don Idirlíon
aige chun an teilifís a nascadh leis an Idirlíon gan
sreang. Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an
Idirlíon.
Cas Wi-Fi Air nó As
(Baile) > Socruithe > Líonra > Wi-Fi Air/As
Déan an Nasc
Déan an Nasc - Gan Sreang
(Baile) > Socruithe > Líonra > Nasc le
líonra > Gan sreang
1 - Cliceáil ar do líonra gan sreang sa liosta de na
líonraí a aimsíodh. Mura bhfuil do líonra sa liosta mar
go bhfuil ainm an líonra i bhfolach (chas tú as
craoladh SSID an ródaire), roghnaigh Cuir Líonra Nua
leis an liosta chun ainm an líonra a chur isteach tú
féin.
2 - Ag brath ar chineál an ródaire, cuir isteach
d'eochair criptithe - WEP, WPA nó WPA2. Más rud é
gur chuir tú isteach an eochair chriptithe don líonra
seo cheana féin, is féidir leat OK a chliceáil chun an
nasc a dhéanamh láithreach.
3 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
Déan an Nasc - WPS
(Baile) > Socruithe > Líonra > Nasc le
líonra > WPS
Má tá WPS ag do ródaire, is féidir leat nascadh leis an
ródaire go díreach gan scanadh a dhéanamh do
líonraí. Má tá gléasanna agat i do líonra gan sreang a
úsáideann an córas slándála criptithe WEP, ní féidir
leat WPS a úsáid.
1 - Téigh go dtí an ródaire, brúigh an cnaipe WPS
agus téigh ar ais go dtí an teilifís laistigh de 2
nóiméad.
2 - Cliceáil Nasc chun an nasc a dhéanamh.
3 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
Déan an Nasc - WPS le Cód PIN
(Baile) > Socruithe > Líonra > Nasc le
líonra > WPS le Cód PIN
Má tá WPS a bhfuil cód PIN air ag do ródaire, is féidir
leat nascadh go díreach leis an ródaire gan scanadh a
dhéanamh do líonraí. Má tá gléasanna agat i do líonra
gan sreang a úsáideann an córas slándála criptithe
WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.
1 - Scríobh síos an cód PIN a bhfuil 8 digit ann atá ar
taispeáint ar an scáileán agus cuir isteach i
mbogearraí an ródaire ar do ríomhaire é. Faigh
comhairle ó threoirleabhar an ródaire faoin áit a bhfuil
an cód PIN le cur isteach i mbogearraí an ródaire.
2 - Cliceáil Nasc chun an nasc a dhéanamh.
3 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
Nasc Sreangaithe
A bhfuil de dhíth ort
Teastaíonn ródaire líonra uait atá nasctha leis an an
Idirlíon chun an teilifís a nascadh leis an
Idirlíon. Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an
Idirlíon.
43