operation manual

13
Smart TV
13.1
Smart TV a shuiteáil
Ní mór duit do nasc a chumrú an chéad uair a
osclaíonn tú Smart TV. Léigh agus glac leis na téarmaí
agus coinníollacha chun leanúint ar aghaidh.
Is é leathanach tosaithe an Smart TV do nasc leis an
Idirlíon. Is féidir leat scannáin a thógáil amach ar cíos
ar líne, nuachtáin a léamh, agus éisteacht le ceol, nó
siopadóireacht a dhéanamh ar líne nó féachaint ar
chláir teilifíse nuair a fheileann sé duit le Online TV.
Oscail Smart TV
Chun leathanach tosaigh Smart TV a oscailt, brúigh
Smart TV.
Mar rogha air sin, is féidir leat (Baile) > Áirgí a bhrú,
Smart TV a roghnú agus OK a bhrú.
Nascann an teilifís leis an Idirlíon agus osclaíonn sí an
leathanach tosaigh Smart TV. D'fhéadfadh sé sin
roinnt soicind a thógáil.
Oscail Smart TV
Chun an leathanach tosaigh Smart TV a dhúnadh,
brúigh (Baile) agus roghnaigh gníomhaíocht eile.
Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht
maidir le hábhar nó caighdeán an ábhair atá curtha ar
fáil ag na soláthróirí seirbhíse ábhar.
13.2
Leathanach tosaigh Smart TV
Do chuid Feidhmchlár
Tosaíonn tú Feidhmchláir ón leathanach tosaithe
Smart TV. Mura bhfuil aon Fheidhmchlár ar an
leathanach tosaigh fós, is féidir leat Feidhmchláir a
chur leis ó Ghailearaí na bhFeidhmchlár.
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)
Gheobhaidh tú gach Feidhmchlár atá ar fáil san App
gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár).
Idirlíon
Osclaíonn an Feidhmchlár Idirlín an Gréasán
Domhanda ar do theilifís.
Is féidir leat féachaint ar aon suíomh gréasáin ar an
Idirlíon ar do theilifís ach níl an chuid is mó acu
feiliúnach do scáileán na teilifíse.
- Tá roinnt breiseán (m.sh. chun féachaint ar
leathanaigh nó ar fhíseáin) nach bhfuil ar fáil ar do
theilifís.
- Taispeántar leathanaigh Idirlín mar leathanach
amháin ag aon am amháin agus líonann siad an
scáileán.
Feidhmchláir mholta
Cuireann Philips raon Feidhmchlár atá molta do do
thír i láthair san fhuinneog seo, Feidhmchláir do
Online TV nó réimse scannán ar cíos ó shiopaí Físeán.
Is féidir leat iad a roghnú agus a oscailt ón bhfuinneog
Feidhmchláir Mholta.
Cuardaigh
Is féidir leat an App gallery (gáilearaí na
bhFeidhmchlár) a chuardach le haghaidh
Feidhmchláir ábhartha le Cuardaigh.
Cuir isteach eochairfhocal sa réimse téacs, roghnaigh
agus brúigh OK chun tús a chur leis an
gcuardach. Is féidir leat cuardach a dhéanamh
d'ainmneacha, teidil, séanraí nó eochairfhocail.
Mar rogha air sin, is féidir leat an réimse téacs a
fhágáil folamh agus cuardach a dhéanamh do na
cuardaigh/eochairfhocail is mó a bhfuil tóir orthu i
raon catagóirí. Sa liosta eochairfhocail a aimsítear,
roghnaigh eochairfhocal agus brúigh OK chun
cuardach a dhéanamh do mhíreanna a bhfuil an
eochairfhocal sin acu.
13.3
Gailearaí na bhFeidhmchlár
Oscail App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) i
Smart TV chun na feidhmchláir a bhrabhsáil, ar
bailiúchán de láithreáin ghréasáin iad atá curtha in
oiriúint don teilifís.
Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube,
nuachtán náisiúnta, albam grianghraf ar líne, etc. Tá
Feidhmchláir ann chun físeán a thógáil amach ar cíos
ó shiopa físeán ar líne agus Feidhmchláir chun
féachaint ar chláir atá caillte agat. Mura bhfuil an rud
atá de dhíth ort ar fáil sa (gailearaí na bhFeidhmchlár),
bain triail as an nGréasán Domhanda agus scimeáil an
tIdirlíon ar an teilifís.
13.4
Ilamharc
Agus tú ar Fheidhmchlár Smart TV nó ar an Idirlíon, is
féidir leat féachaint ar an gcainéal teililfíse
reatha. Osclaíonn Ilamharc scáileán beag don
chainéal teilifíse in aice le scáileán teilifíse an Smart
TV.
Chun Ilamharc a oscailt…
1 - Brúigh SMART TV chun Smart TV a oscailt.
2 - Oscail feidhmchlár ar leathanach Smart TV.
3 - Brúigh MULTI VIEW chun an scáileán beag a
oscailt.
46