operation manual

2
Bogearaí
2.1
Nuashonrú Bogearraí
Déan cuardach do Nuashonruithe
Nuashonrú ón Idirlíon
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe >
Idirlíon
Déan cuardach do nuashonrú bogearraí tú féin.
• Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, d'fhéadfá
teachtaireacht a fháil chun bogearraí na teilifíse a
nuashonrú. Teastaíonn nasc ardluais (leathanbhanda)
leis an Idirlíon. Má fhaigheann tú an teachtaireacht
seo, molaimid go ndéanfá an nuashonrú.
• Níl aon phictiúr i rith an nuashonraithe bogearraí
agus casfar an teilifís as agus air arís. D'fhéadfadh sé
sin tarlú roinnt uaireanta. D'fhéadfadh an nuashonrú
roinnt nóiméad a thógáil.
• Fan go dtí go dtiocfaidh pictiúr na teilifíse ar ais. Ná
brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís nó ar an
gcianrialtán i rith an nuashonruithe bogearraí.
Nuashonraigh ó USB
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe > USB
• Teastaíonn ríomhaire uait le nasc ardluais don
Idirlíon agus méaróg chuimhne USB chun na
bogearraí a uaslódáil ar an teilifís.
• Úsáid gléas cuimhne USB a bhfuil 512MB de spás
saor air. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
1 - Tosaigh an nuashonrú ar an teililfís
Brúigh Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do
nuashonruithe > USB, ansin brúigh OK.
2 - Aithin an teilifís
Cuir an chuimhne USB isteach i gceann de na naisc
USB ar an teilifís.
Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. Scríobhtar
comhad aitheantais ar an gnléas cuimhne USB.
3 - Íoslódáil bogearraí na teilifíse
- Cuir an chuimhne USB isteach i do ríomhaire.
- Ar an ngléas cuimhne USB, aimsigh an comhad
update.html agus cliceáil faoi dhó air.
- Cliceáil ar Seol ID.
- Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad .zip.
- I ndiaidh na híoslódála, dízipeáil agus cóipeáil an
comhad autorun.upg go dtí an gléas cuimhne USB.
- Ná cuir an comhad seo i bhfillteán.
4 - Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach sa teilifís arís.
Tosaíonn an nuashonrú go huathoibríoch.
Casann an teilfís í féin as ar feadh 10 soicind agus
ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Ná. . . . .
• úsáid an cianrialtán
• bain an gléas cuimhne USB amach ón teilifís
• brúigh faoi dhó
• brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís
Casann an teilfís í féin as (ar feadh 10 soicind) agus
ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Tá bogearraí na teilifíse nuashonraithe. Is féidir leat an
teilifís a úsáid arís.
Scrios an comhad autorun.upg ón ngléas cuimhne
USB chun nuashonrú tionóisceach bhogearraí na
teilifíse a chosc.
Nuashonruithe Áitiúla
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Nuashonruithe áitiúla.
Do mhiondíoltóirí agus sainúsáideoirí
Déan cuardach do nuashonruithe
OAD (Íoslódáil tríd an aer)
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe OAD.
Déan scan chun cuardach a dhéanamh do nuashonrú
bogearraí tríd an aer.
2.2
Leagan Bogearraí
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Faisnéis bogearraí reatha
Chun féachaint ar leagan reatha bogearraí na teilifíse.
5