operation manual

19
Téarmaí Úsáide
2017 © TP Vision Europe B.V. Gach ceart ar
cosnamh.
Is é TP Vision Europe B.V. déantúsóir an táirge seo, a
dtagrófar feasta dó mar TP Vision, nó ceann dá
chuideachtaí cleamhnaithe, a thug an táirge seo chuig
an margadh. Is é TP Vision an barántóir i ndáil leis an
teilifís ar tháinig an leabhrán seo in aon phacáiste léi.
Is trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke
Philips N.V. Philips agus suaitheantas scéithe Philips.
D’fhéadfadh na sonraíochtaí a athrú gan choinne. Is le
Koninklijke Philips N.V., nó a úinéirí faoi seach, na
trádmharcanna. Tá sé de cheart ag TP Vision táirgí a
athrú am ar bith gan dualgas a bheith air táirgí atá ar
fáil cheana féin a athrú dá réir.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar scríofa a tháinig in aon
phacáiste leis an teilifís agus an lámhleabhar atá
stóráilte i gcuimhne na teilifíse nó a íoslódáiltear ó
láithreán gréasáin Philips www.philips.com/support
leordhóthanach don úsáid a bhfuil an córas
beartaithe lena haghaidh.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar sa treoirleabhar seo
leordhóthanach don úsáid atá beartaithe ag an
gcóras. Má úsáidtear an táirge, nó a mhodúil nó
nósanna imeachta indibhidiúla, chun críche nach
bhfuil sonraithe leis seo, ní mór deimhniú a fháil
maidir lena mbailíocht agus a n-oiriúnacht.
Barántaíonn TP Vision nach sáraíonn an t-ábhar féin
aon phaitinn de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá. Níl
aon bharantá eile ráite nó intuigthe. Ní bheidh TP
Vision freagrach as aon earráid in ábhar na cáipéise
seo ná as aon fhadhb a eascraíonn as ábhar na
cáipéise seo. Leigheasfar earráidí a thuairiscítear do
Philips agus foilseofar ar láithreán gréasáin tacaíochta
Philips a luaithe is féidir.
Téarmaí baránta - Baol gortuithe, damáiste don teilifís
nó neamhniú baránta!
Ná déan iarracht go deo an teilifís a athdheisiú tú féin.
Úsáid an teilifís agus a comhghabhálais mar atá
beartaithe ag an déantúsóir. Tugann an comhartha
rabhaidh ar chúl na teilifíse le fios go bhfuil baol
turrainge leictrí ann. Ná bain as clúdach na teilifíse go
deo. Déan teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV
le haghaidh seirbhíse nó deisiúchán. Aimsigh an
uimhir theileafóin sa cháipéisíocht phriontáilte a
tháinig leis an teilifís. Nó tabhair cuairt ar ár láithreán
gréasáin www.philips.com/support agus roghnaigh
do thír más gá. Cuirfear an baránta ar neamhní má
dhéantar aon oibríocht atá toirmiscithe go sainráite sa
treoirleabhar seo, nó aon choigeartú nó nós imeachta
cóimeála nach bhfuil molta ná údaraithe sa
treoirleabhar seo.
Tréithe picteilín
Tá líon ard picteilíní daite ag an táirge LCD/LED seo.
Cé go bhfuil picteilíní éifeachtacha de 99.999% nó
níos airde aige, d’fhéadfaí poncanna dubha nó pointí
geala solais (dearg, uaine nó gorm) a bheith ar
taispeáint go leanúnach ar an scáileán. Airí
struchtúrtha de chuid na taispeána é seo (laistigh de
ghnáthchaighdeáin an tionscail) agus ní mífheidhm é.
Comhlíonadh CE
Deimhníonn TP Vision Europe B.V. Leis seo go bhfuil
an teilifís seo comhlíontach le bunriachtanais agus le
forálacha ábhartha eile Treoracha 2014/53/AE (RED),
2009/125/CE (Éicea-dearadh), 2010/30/ AE (Lipéadú
Fuinnimh) and 2011/65/CE (RoHS).
Comhlíonadh le EMF
Déantúsaíonn agus díolann TP Vision go leor táirgí atá
dírithe ar thomhaltóirí a bhfuil an cumas acu, cosúil le
trealamh leictreonach ar bith, comharthaí
leictreamhaighnéadacha a astú agus a fháil. Is é
ceann de phrionsabail ghnó TP Vision tabhairt faoi
gach beart sláinte agus sábháilteachta atá
riachtanach dár dtáirgí chun comhlíonadh le gach
riachtanais dlí infheidhmithe agus chun fanacht taobh
istigh de na caighdeáin Réimse
Leictreamhaighnéadach (EMF) a bhí infheidhmithe ag
an am ar táirgeadh na táirgí.
Tá TP Vision tiomanta táirgí a fhorbairt, a tháirgeadh
agus a chur ar an margadh nach bhfuil ina n-údar
d'aon díobháil sláinte. Dearbhaíonn TP Vision go
bhfuil a tháirgí sábháilte le haghaidh an úsáid atá
beartaithe acu de réir na fianaise eolaíche atá ar fáil
inniu, chomh fada is a úsáidtear iad chun an úsáid atá
beartaithe leo. Tá ról gníomhach ag TP Vision i
bhforbairt caighdeán idirnáisiúnta EMF agus
sábháilteachta, rud a chuireann ar chumas TP Vision
tuilleadh forbairtí i gcaighdeánú a ionchasú agus na
forbairtí sin a chomhtháthú go luath ina dtáirgí.
60