operation manual

Fabhtcheartú
Níor aimsíodh an líonra gan sreang nó tá sé
díchumtha
• Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó
gléasanna eile Wi-Fi 802.11b/g/n i do
chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan
sreang.
• Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra
rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.
• Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do
theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.
Ní oibríonn an tIdirlíon
• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil
nasc an ródaire don Idirlíon.
Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall
• Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan
sreang chun eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta
aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an
chomhartha.
• Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do
ródaire.
DHCP
• Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP
(Prótacal Óstchumraíochta Dinimiciúla) an ródaire a
sheicéail. Ba cheart go mbeadh DHCP casta air.
Nasc Sreangaithe
A bhfuil de dhíth ort
Teastaíonn ródaire líonra uait atá nasctha leis an an
Idirlíon chun an teilifís a nascadh leis an
Idirlíon. Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an
Idirlíon.
Déan an Nasc
Chun nasc sreangaithe a dhéanamh…
1 - Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla
Ethernet**).
2 - Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.
3 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
5 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Nasc le
Líonra.
6 - Roghnaigh Sreangaithe. Déanann an teilifís
cuardach leanúnach don nasc líonra.
7 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an
ródaire a sheiceáil. Ba cheart go mbeadh DHCP casta
air.
**Chun rialacháin EMC a chomhlíonadh, úsáid cábla
Ethernet FTP Cat. 5E díonta.
Socruithe Líonra
Féach ar Shocruithe Líonra
Is féidir leat gach socrú líonra reatha a fheiceáil anseo.
An seoladh IP agus MAC, neart an chomhartha, luas,
modh criptithe, etc.
Chun na socruithe líonra reatha a fheiceáil…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Féach ar
Shocruithe Líonra.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Cumraíocht Líonra
Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait
do líonra a shuiteáil le seolachán IP Statach, athraigh
socrú na teilifíse go IP Statach.
Chun an teilifís a shocrú go IP Statach…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Cumraíocht
Líonra agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh IP Statach agus brúigh OK chun
Cumraíocht IP Statach a chumasú.
5 - Roghnaigh Cumraíocht IP Statach agus cumraigh
an nasc.
6 - Is féidir leat an uimhir a shocrú don Seoladh
IP, Netmask, Gateway, DNS 1, nó DNS 2.
7 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Cas Air le Wi-Fi (WoWLAN)
Is féidir leat an teilifís seo a chasadh air ó d'fhón cliste
nó do thaibléad má tá an teilifís i staid fuireachais. Ní
mór an socrú Cas air le Wi-Fi (WoWLAN) a bheith
39