User manual

Idirlín
• Táb agus Iomlaoid + Táb = Ar Aghaidh agus Siar
• Baile = scrollaigh go dtí barr an leathanaigh
• Deireadh = scrollaigh go dtí bun an leathanaigh
• Leathanach Suas = téigh leathanach amháin suas
• Leathanach Síos = téigh leathanach amháin síos
• + = zúmáil isteach céim amháin
• - = zúmáil amach céim amháin
• * = cuir an leathanach gréasáin in oiriúint do
leithead an scáileáin.
7.12
Méaróg Chuimhne USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na
naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Braitheann an teilifís an mhéaróg chuimhne agus
osclaíonn sí liosta a thaispeánann a bhfuil ann.
Mura dtaispeántar a bhfuil ann go huathoibríoch,
brúigh SOURCES agus roghnaigh USB.
Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón
mhéaróg chuimhne USB, brúigh EXIT
roghnaigh gníomhaíocht eile.
Chun an mhéaróg chuimhne a dhínascadh, is féidir
leat an mhéaróg chuimhne a tharraingt amach ag am
ar bith.
Ultra HD ar USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra
HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne.
Laghdóidh an teilifís an mhéid go Ultra HD má tá
taifeach an ghrianghraif níos airde.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi féachaint ar
ábhar ó mhéaróg chuimhne USB nó é a sheinnt,
in Cabhair, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail agus déan cuardach do
Ghrianghraif, Físeáin agus Ceol.
7.13
Ceamara grianghraif
Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do
cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a
nascadh go díreach leis an teilifís.
Úsáid ceann de na naisc USB ar an teilifís chun
nascadh. Cas air an ceamara tar éis duit an nasc a
dhéanamh.
Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go
huathoibríoch, brúigh SOURCES ,agus
roghnaigh USB.
Seans go mbeidh ort do cheamara a shocrú chun a
bhfuil air a aistriú le PTP (Picture Transfer Protocol).
Léigh treoirleabhar úsáideora an cheamara grianghraf
digiteach.
Ultra HD ar USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra
HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne.
Laghdóidh an teilifís an mhéid go Ultra HD má tá
taifeach an ghrianghraif níos airde. Ní féidir leat físeán
a sheinnt a bhfuil taifeach dúchasach aige atá níos
airde ná Ultra HD ar aon cheann de na naisc USB.
Chun tuilleadh eolais faoin gcaoi féachaint ar
ghrianghraif a fháil, brúigh an eochair datha,
in Cabhair, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail agus déan cuardach do
Ghrianghraif, Físeáin agus Ceol.
7.14
Camthaifeadán
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI
chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.
34