User manual

5
Cainéil
5.1
Suiteáil Satailíte
Maidir le Suiteáil Satailítí
Suas le 4 Satailít
Is féidir leat suas le 4 satailít (4 LNBanna) a shuiteáil
ar an teilifís seo. Roghnaigh díreach an líon satailítí ar
mian leat iad a shuiteáil ag tús na suiteála. Éascóidh
sé sin an tsuiteáil.
Unicable
Is féidir leat córas Unicable a úsáid chun an mhias
aeróige a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Unicable
a roghnú do shatailít 1 nó 2 satailít ag tús na suiteála.
Cuir tús leis an tSuiteáil
Cinntigh go bhfuil do mhias satailíte nasctha i gceart
agus go bhfuil sé ailínithe go foirfe sula dtosóidh tú an
tsuiteáil.
Chun an tsuiteáil satailíte a thosú…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Satailíte. Cuir
isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Déan Cuardach do Shatailít.
4 - Roghnaigh Déan Cuardach do Chainéal. Déan
an teilifís cuardach do shatailítí.
5 - Roghnaigh Cumraigh. Taispeánann an teilifís an
tsuiteáil satailíte reatha.
Má tá uait an tsuiteáil sin a athrú,
roghnaigh Socruithe.
Mura bhfuil uait an tsuiteáil sin a athrú,
roghnaigh Cuardaigh. Téigh go céim 7.
6 - In Córas Suiteála, roghnaigh an líon satailítí a
bhfuil uait iad a shuiteáil nó roghnaigh ceann de na
córais Unicable. Nuair a roghnaíonn tú Unicable, is
féidir leat na hUimhreacha Banda Úsáideora a roghnú
agus na Minicíochtaí Banda Úsáideora a chur isteach
do gach tiúnóir. Is féidir an banda úsáideora a aimsiú
sa ródaire unicable. Is féidir leat roinnt sainsocruithe a
athrú do gach LNB i roinnt tíortha in Tuilleadh
Socraithe.
7 - Déanfaidh an teilifís cuardach do na satailítí atá ar
fáil nuair a bheidh do mhias aeróige ailínithe.
D'fhéadfadh sé sin roinnt nóiméad a thógáil. Má
aimsítear satailít, taispeánfar a hainm agus a threise
glactha ar an scáileán.
8 - Nuair atá na satailítí atá uait aimsithe ag an teilifís,
roghnaigh Suiteáil.
9 - Má thairgeann satailít Pacáistí Cainéal,
taispeánfaidh an teilifís na pacáistí atá ar fáil don
satailít sin. Roghnaigh an pacáiste atá uait.
10 - Chun an tsuiteáil satailíte a stóráil chomh maith
leis na cainéil suiteáilte agus stáisiúin raidió,
roghnaigh Déanta.
Socruithe Suiteála Satailíte
Tá na socruithe suiteála satailíte réamhshocraithe de
réir tíre. Cinneann na socruithe sin an chaoi a
ndéanann an teilifís cuardach agus an chaoi a
suiteálann sé satailítí agus a gcainéil. Is féidir leat na
socruithe sin a athrú i gcónaí.
Chun na socruithe suiteála satailíte a athrú…
1 - Cuir tús leis an tsuiteáil satailíte.
2 - Ar an scáileán ar ar féidir leat tús a chur leis an
gcuardach do shatailítí, roghnaigh Socruithe agus
brúigh OK.
3 - Roghnaigh an líon satailítí a bhfuil uait iad a
shuiteáil nó roghnaigh ceann de na córais Unicable.
Nuair a roghnaíonn tú Unicable, is féidir leat na
hUimhreacha Banda Úsáideora a roghnú agus na
Minicíochtaí Banda Úsáideora a chur isteach do gach
tiúnóir.
4 - Nuair atá sé sin déanta agat, roghnaigh Ar
Aghaidh agus brúigh OK.
5 - Brúigh OK ar an roghchlár Socruithe chun
filleadh ar an scáileán agus tús a chur le cuardach do
shatailítí.
Trasfhreagróir Frithinge agus LNB
Is féidir leat na sainsocruithe don trasfhreagróir
frithinge agus do gach LNB a athrú i roinnt tíortha. Ná
húsáid ná athraigh na socruithe sin nuair atá teiptha
ar ghnáthshuiteáil. Má tá trealamh satailíte nach
bhfuil caighdeánach agat, is féidir leat na socruithe sin
a úsáid chun na gnáthshocruithe a shárú. D'fhéadfadh
roinnt soláthróirí luachanna don trasfhreagróir nó don
LNB a thabhairt duit ar féidir leat iad a chur isteach
anseo.
CAManna Satailíte
Má úsáideann tú CAM – Modúl Rochtana Coinníollaí
a bhfuil cárta cliste aige – chun féachaint ar chainéil
satailíte, molaimid go ndéanfaí an tsuiteáil satailíte
nuair atá an CAM curtha isteach sa teilifís.
Baintear úsáid as an gcuid is mó de CAManna chun
cainéil a dhíscrobhadh.
Is féidir leis na CAManna is nuaí (CI+ 1.3 le Próifíl
Oibritheora), na cainéil satailíte a shuiteáil leo féin ar
do theilifís. Tabharfaidh an CAM cuireadh duit a
shatailít(í) agus cainéil a shuiteáil. Ní hamháin go
suiteálann agus ndíscrobhann na CAManna seo na
cainéil ach láimhseálann siad nuashonruithe cainéal
13