User manual

Satailít a Bhaint as
Is féidir leat satailít amháin nó níos mó a bhaint as ó
do shuiteáil satailíte reatha. Baineann tú an tsatailít
agus a cainéil as. Tá roinnt oibritheoirí satailíte ann
nach gceadaíonn satailít a bhaint as.
Chun satailítí a bhaint as…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Satailíte.
3 - Roghnaigh Déan Cuardach do Shatailít.
4 - Roghnaigh Bain Satailít As. Taispeánfar na
satailítí reatha.
5 - Roghnaigh satailít agus brúigh OK chun iad a
mharcáil le haghaidh a mbainte as.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Suiteáil de Láimh
Is do shainúsáideoirí atá Suiteáil de Láimh dírithe.
Is féidir leat Suiteáil de Láimh a úsáid chun cainéil nua
a chur leis an liosta go tapaidh ó thrasfhreagróir
satailíte. Ní mór minicíocht agus polarú an
trasfhreagróra a bheith ar eolas agat. Suiteálfaidh an
teilifís gach cainéal ón trasfhreagróir sin. Má
suiteáladh an trasfhreagróir cheana, bogfar gach
ceann dá chainéil - na cinn a bhí ann cheana agus na
cinn nua - go dtí deireadh an liosta cainéal Gach
Cainéal.
Ní féidir leat Suiteáil de láimh a úsáid má theastaíonn
uait líon na satailítí a athrú. Má tá gá leis seo, ní mór
duit suiteáil iomlán a dhéanamh le Suiteáil Satailítí.
Chun trasfhreagróir a shuiteáil…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Satailíte.
3 - Roghnaigh Suiteáil de Láimh agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
4 - Má tá níos mó ná 1 satailít suiteáilte agat,
roghnaigh an LNB a bhfuil uait cainéil a chur leis.
5 - Socraigh an Polarú atá ag teastáil uait. Má
shocraíonn tú an Mód Ráta Siombaile do De Láimh, is
féidir leat an Ráta siombaile a chur isteach de láimh.
6 - Brúigh na saigheada (suas) nó (síos)
chun an mhinicíocht a athrú, agus roghnaigh Déanta.
7 - Roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK.
Taispeánfar neart an chomhartha ar an scáileán.
8 - Má tá uait cainéil trasfhreagróra nua a stóráil,
roghnaigh Stóráil agus brúigh OK.
9 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Trasfhreagróir Frithinge agus LNB
Is féidir leat na sainsocruithe don trasfhreagróir
frithinge agus do gach LNB a athrú i roinnt tíortha. Ná
húsáid ná athraigh na socruithe sin nuair atá teiptha
ar ghnáthshuiteáil. Má tá trealamh satailíte nach
bhfuil caighdeánach agat, is féidir leat na socruithe sin
a úsáid chun na gnáthshocruithe a shárú. D'fhéadfadh
roinnt soláthróirí luachanna don trasfhreagróir nó don
LNB a thabhairt duit ar féidir leat iad a chur isteach
anseo.
Cumhacht LNB
Is é Air an réamhshocrú do Chumhacht LNB.
Ton 22 kHz
Is é Uathoibríoch an réamhshocrú do Thon.
Minicíocht Íseal LO/ Minicíocht Ard LO
Socraítear minicíochtaí an ascaltóra áitiúil do
luachanna caighdeánacha. Ná hathraigh na
luachanna ach amháin i gcás trealaimh eisceachtúil a
bhfuil luachanna éagsúla ag teastáil uaidh.
Fabhtcheartú
Ní féidir leis an teilifís na satailítí atá uaim a aimsiú nó
suiteálann an teilifís an tsatailít chéanna faoi dhó
• Cinntigh go bhfuil an líon ceart satailítí socraithe i
Socruithe ag tús na suiteála. Is féidir leat an teilifís a
shocrú chun cuardach a dhéanamh do shatailít
amháin, dhá shatailít nó 3/4 shatailít.
Ní féidir le LNB déchnoga an dara satailít a aimsiú
• Má aimsíonn an teilifís satailít amháin ach mura
féidir leis an dara ceann a aimsiú, cas an mhias cúpla
céim. Ailínigh an mhias chun an comhartha is treise a
fháil don chéad satailít. Seiceáil táscaire treise
comhartha an chéad satailít ar an scáileán. Nuair atá
an chéad satailít socraithe ag an gcomhartha is treise,
roghnaigh Déan cuardach arís chun an dara satailít a
aimsiú.
• Cinntigh go bhfuil na socruithe athraithe go Dhá
shatailít.
Níor réitíodh m'fhadhb nuair a athraíodh na socruithe
suiteála
• Ní stóráltar aon socrú, satailít nó cainéal go dtí
deireadh na suiteála nuair a chríochnaíonn tú.
Tá gach cainéal satailíte imithe.
• Má tá córas Unicable in úsáid agat, cinntigh gur
shann tú dhá uimhir banda uathúla sna socruithe
Unicable don dá thiúnóir ionsuite. D'fhéadfadh
glacadóir satailít eile i do chóras Unicable a bheith ag
úsáid an uimhir banda úsáideora chéanna.
15