User manual

air í. Is féidir leat an teachtaireacht sin a chasadh as
ionas nach dtaispeánfar í i ndiaidh gach nuashonrú
cainéal.
Chun an teachtaireacht a chasadh as…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla.
3 - Cuir isteach do chód PIN más gá.
4 - Roghnaigh Teachtaireacht Nuashonrú Cainéal
5 - Roghnaigh As.
6 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Déantar an Nuashonrú cainéal uathoibríoch i roinnt
tíortha nuair atáthar ag féachaint ar an teilifís nó uair
ar bith nuair atá an teilifís ar Fuireachas.
DVB-T nó DVB-C
Socruithe DVB
Mód Minicíochta Líonra
Má tá sé ar intinn agat an modh tapaidh
Mearscanadh a úsáid chun cainéil a chuardach sa
Scanadh Minicíochta, roghnaigh Uathoibríoch.
Bainfidh an teilifís úsáid as 1 de na minicíochtaí líonra
réamhshainithe (nó HC - cainéal frithinge) atá in úsáid
ag an gcuid is mó de na hoibritheoirí cábla i do thír.
Má fuair tú luach sonrach minicíocht líonra chun
cainéil a chuardach, roghnaigh De Láimh.
Minicíocht Líonra
Nuair atá an socrú De Láimh i bhfeidhm don Mhód
Minicíochta Líonra, is féidir leat an luach minicíochta
líonra a fuair tú ó d'oibritheoirí cábla a chur isteach
anseo. Úsáid na heochracha uimhreach chun an
luach a chur isteach.
Scanadh Minicíochta
Roghnaigh an modh chun cuardach a dhéanamh do
chainéil. Is féidir leat an modh níos tapúla
Mearscanadh a roghnú agus na socruithe
réamhshainithe atá á n-úsáid ag an gcuid is mó de na
hoibritheoirí cábla i do thír a úsáid.
Má fhágann sé sin nach mbeidh aon chainéal
suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh, is féidir
leat an modh Scanadh Iomlán a úsáid. Bíonn níos mó
ama ag teastáil ón modh sin chun cainéil a chuardach
agus a shuiteáil.
Méid Céime Minicíochta
Déanann an teilifís cuardach do chainéil in eatraimh
de 8MHz.
Má fhágann sé sin nach mbeidh aon chainéal
suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh, is féidir
leat cuardach a dhéanamh in eatraimh níos lú de
1MHz. Má bhaintear úsáid as na heatraimh 1MHz,
beidh níos mó ama ag teastáil chun cainéil a
chuardach agus a shuiteáil.
Cainéil Dhigiteacha
Má tá a fhios agat nach bhfuil d'oibritheoir cábla ag
tairiscint cainéal digiteach, ní fiú duit cuardach a
dhéanamh do chainéil dhigiteacha.
Cainéil Analógacha
Má tá a fhios agat nach bhfuil d'oibritheoir cábla ag
tairiscint cainéal analógach, ní fiú duit cuardach a
dhéanamh do chainéil analógacha.
Saor / Scrofa
Má tá suibscríbhinn agus CAM - Modúl Rochtana
Coinníollaí agat le haghaidh seirbhísí teilifíse nach
mór íoc astu, roghnaigh Saor + Scrofa. Mura bhfuil
suibscríbhinn agat chun cainéil nó seirbhísí teilifíse
nach mór íoc astu a fháil, is féidir leat Cainéil in Aisce
Amháin a roghnú.
Caighdeán Glacachta
Is féidir leat caighdéan agus neart comhartha chainéil
dhigitigh a sheiceáil. Má tá d'aeróg féin agat, is féidir
leat triail a bhaint as suíomh na haeróige a athrú chun
an ghlacacht a fheabhsú.
Chun caighdeán glacachta chainéil dhigitigh a
sheiceáil…
1 - Tiúnáil don chainéal.
2 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
3 - Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla.
Cuir isteach do chód PIN más gá.
4 - Roghnaigh Digiteach: Tástáil Ghlacachta.
5 - Roghnaigh Déan Cuardach do
Chainéal. Taispeánfar an mhinicíocht dhigiteach don
chainéal seo.
6 - Roghnaigh Cuardaigh arís agus
brúigh OK chun caighdeán comhartha na
minicíochta a sheiceáil. Taispeánfar toradh na tástála
ar an scáileán. Is féidir leat suíomh na haeróige a
athrú nó na naisc a sheiceáil chun an ghlacacht a
fheabhsú.
17