User manual

7 - Is féidir leat freisin an mhinicíocht a athrú tú
féin. Roghnaigh an uimhir minicíochta ceann i
ndiaidh a chéeile agus úsáid na
heochracha (suas) nó (síos) chun an luach a
athrú. Roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK chun
an ghlacacht a thástáil arís.
8 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Suiteáil de Láimh
Is féidir cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de
láimh, cainéal i ndiaidh cainéil.
Chun cainéil analógacha a shuiteáil de láimh…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla.
Cuir isteach do chód PIN más gá.
3 - Roghnaigh Analógach: Suiteáil de Láimh
Córas
Chun córas na teilifíse a shuiteáil, roghnaigh Córas.
Roghnaigh do thír nó an chuid sin den domhan a
bhfuil tú anois ann agus brúigh OK.
Cuardaigh Cainéal
Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh Cuardaigh Cainéal.
Is féidir leat minicíocht a chur isteach tú féin chun
cainéal a aimsiú nó ligint don teilifís cuardach a
dhéanamh don chainéal. Brúigh (deas) chun
Cuardaigh a roghnú chun cuardach a dhéanamh do
chainéal go huathoibríoch. Taispeánfar an cainéal a
aimseofar ar an scáileán agus má tá an ghlacacht go
dona, brúigh Cuardaigh arís. Má tá uait an cainéal a
stóráil, roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
Stóráil
Is féidir leat an cainéal a stóráil ar an uimhir cainéil
reatha nó uimhir cainéil nua.
Roghnaigh Stóráil Cainéal Reatha Stóráil mar
Chainéal Nua. Taispeánfar an uimhir nua cainéal.
Is féidir leat na céimeanna seo a dhéanamh arís agus
arís eile go dtí go bhfuil gach cainéal teilifíse
analógach aimsithe agat.
5.3
Cóipeáil Liosta Cainéal
Liosta Cainéal a chóipeáil
Chun liosta cainéal a chóipeáil…
1 - Cas air an teilifís. Ba cheart go mbeadh cainéil
suiteáilte ag an teilifís seo.
2 - Plugáil isteach méaróg chuimhne USB.
3 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Cainéil > Cóipeáil Liosta Cainéal.
5 - Roghnaigh Cóipeáil chuig USB. D'fhéadfaí
iarraidh ort an cód PIN Glais Leanaí a chur isteach
chun an liosta cainéal a chóipeáil.
6 - Nuair atá an chóipeáil déanta, bain amach pluga
an mhéaróg chuimhne USB.
7 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Is féidir leat an liosta cainéal atá cóipeáilte a uaslódáil
anois go dtí teilifís Philips eile.
Leagan Liosta Cainéal
Seiceáil leagan reatha an liosta cainéal...
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Cainéil agus brúigh (deas) chun
an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Cóipeáil Liosta Cainéal agus
roghnaigh Leagan Reatha, ansin brúigh OK.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Liosta Cainéal a Uaslódáil
Teilifíseanna nach bhfuil suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís nach bhfuil suiteáilte fós
1 - Plugáil isteach an pluga cumhachta chun an
tsuiteáil a thosú agus roghnaigh teanga agus tír. Is
féidir leat dul thar an gcuardach cainéal. Críochnaigh
an tsuiteáil.
2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a
bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
3 - Chun an uaslódáil liosta cainéal a thosú,
brúigh , roghnaigh Gach Socrú agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Cainéil > Cóipeáil Liosta
Cainéal > Cóipeáil go dtí an teilifís. Cuir isteach do
chód PIN más gá.
5 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear
an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain
amach an mhéaróg chuimhne USB.
Teilifíseanna Suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin
1 - Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo
a fhíorú, féach ar an gcaibidil Athshuiteáil Gach
Cainéal. Tosaigh an nós imeachta seo go dtí go
18