User manual

Roghnú Físeáin
Tá cainéil teilifíse dhigiteacha in ann comharthaí
ilfhíse (craoltaí ilfhotha) a thairiscint, uillinneacha
ceamara éagsúla a thabhairt den eachtra chéanna nó
cláir éagsúla a thaispeáint ar aon chainéal teilifíse
amháin. Taipseánann an teilfís teachtaireacht má tá a
leithéid de chainéil teilifíse ar fáil.
Dual I-II
Má tá dhá theanga fuaime ag comhartha fuaime ach
gan aon tásc teanga ag teanga amháin nó ag an dá
theanga, beidh an rogha seo ar fáil.
Mapáil Cainéal
Mura bhfuil aon eolas faoin gclár ann ag an tús, is
féidir leat an cainéal a mhapáil chun tuilleadh eolais
faoin gclár a fháil.
1 - Brúigh TV GUIDE, agus úsáid na heochracha
nascleanúna chun a roghnú sa lár agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Eolaire Teilifíse Ón Idirlíon agus
brúigh OK.
3 - Roghnaigh ceann de na cainéil san eolaire
teilifíse, ansin brúigh OK chun féachaint ar an
gcainéal atá roghnaithe.
4 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh
OPTIONS .
5 - Roghnaigh Sár-roghanna > Mapáil Cainéal.
6 - Roghnaigh mír amháin sa liosta agus brúigh OK.
7 - Roghnaigh Mapáil Cainéal.
8 - Nuair a bheidh sé curtha i gcrích agat, feicfidh tú
an t-eolas faoin gcainéal mapáilte sa chlár.
Athraigh Lógó
Mura bhfuil aon eolas faoin gclár ann ag an tús, is
féidir leat níos mó eolais faoin gclár a fháil trí na
céimeanna seo a leanas a leanúint.
1 - Brúigh TV GUIDE, agus úsáid na heochracha
nascleanúna chun a roghnú sa lár agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Eolaire Teilifíse Ón Idirlíon agus
brúigh OK.
3 - Roghnaigh ceann de na cainéil san eolaire
teilifíse, ansin brúigh OK chun féachaint ar an
gcainéal atá roghnaithe.
4 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh
OPTIONS .
5 - Roghnaigh Roghanna > Athraigh Lógó.
6 - Roghnaigh mír amháin sa liosta agus brúigh OK.
7 - Roghnaigh Athraigh Lógó.
8 - Nuair a bheidh sé curtha i gcrích agat, feicfidh tú
an t-eolas faoin gcainéal mapáilte sa chlár.
Cainéil Cheanáin
Maidir le Cainéil Cheanáin
Is féidir leat na cainéil a thaitníonn leat a bhailiú le
chéile i liosta cainéal ceanáin.
Is féidir leat 8 liosta cainéal ceanán a chruthú le
haghaidh zaipeáil cainéal éasca. Is féidir leat gach
Liosta Ceanán a ainmniú ina gceann agus ina gceann.
Ní féidir leat ord nua a chur ar chainéil ach amháin i
Liosta Ceanán.
Agus liosta cainéal roghnaithe, brúigh na
saigheada (suas) nó (síos) chun cainéal a
roghnú, ansin brúigh OK chun féachaint ar an
gcainéal atá roghnaithe. Ní thiúnálann tú ach go dtí na
cainéil atá sa liosta sin nuair atá na heochracha
    á n-úsáid agat.
Cruthaigh Liosta Ceanán
Chun liosta cainéal ceanán a chruthú ó liosta cainéal...
1 - Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.
2 - Brúigh LIST (más ann dó) nó OK chun an
liosta cainéal reatha a oscailt.
3 - Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na
láimhe deise agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Cruthaigh Liosta Ceanán agus
brúigh OK.
5 - Roghnaigh cainéal ón liosta ar chlé a bhfuil uait
ceanán a dhéanamh as agus brúigh OPTIONS.
Taispeánfar cainéil sa liosta ar thaobh na láimhe
deise san ord ina chuireann tú isteach iad. Roghnaigh
an cainéal sa liosta ar chlé agus
brúigh OPTIONS arís chun é a chealú. Is féidir leat
raon cainéal a roghnú freisin trí a bhrú (síos) chun
cainéal deireanach an raoin a bhfuil uait é a chur leis
an liosta a roghnú agus ansin brúigh OK.
6 - Brúigh BACK nuair atá tú réidh ag cur cainéil
leis an liosta.
7 - Iarrfaidh an teilifís ort an Liosta Ceanána
athainmniú. Is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a
úsáid nó BACK a bhrú chun an méarchlár ar an
scáileán a chur i bhfolach, ansin úsáid an méarchlár ar
chúl an chianrialtáin (más ann dó) chun an t-ainm
nua a chur isteach.
Má tá an liosta cainéal fada, mar rogha air sin, is féidir
leat aon chainéal a roghnú, ansin brúigh OPTIONS
chun an roghchlár Roghanna a oscailt, ansin
roghnaigh Cruthaigh Liosta Ceanán agus
brúigh OK.
Chun liosta cainéal ceanán nua a chruthú trí liosta
cainéal ceanán reatha a chóipeáil...
1 - Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.
2 - Brúigh LIST (más ann dó) nó OK chun an
liosta cainéal reatha a oscailt.
22