User manual

HDMI MHL
Is féidir leat a bhfuil le feiceáil ar d'fhón cliste Android
nó ar do thaibléad a sheoladh chuig scáileán teililfíse
le HDMI MHL.
MHL 2.0 (Mobile High-Definition Link) istigh leis
an nasc HDMI 4 ar an teilifís seo.
Baineann an-chobhsaíocht agus leithead banda leis
an nasc sreangaithe seo, mar aon le haga folaigh
íseal, gan aon briseadh isteach gan sreang mar aon le
hatáirgeadh fuaime ar chaighdeán maith. Anuas air
sin, luchtóidh an nasc MHL ceallra d'fhón cliste nó do
thaibléad. Bíodh is go bhfuil sé nasctha, ní bheidh do
ghléas soghluaiste ag luchtú nuair atá an teilifís ar
fuireachas.
Bí ar an eolas faoin gcábla MHL fulangach atá
feiliúnach do do ghléas soghluaiste. Tabhair faoi
deara go háirithe an cinéal nascóra atá de dhíth ort
chun nascadh le d'fhón cliste nó do thaibléad leis an
nascóir HDMI don theilifís ar thaobh amháin.
Is trádmharcanna de chuid an MHL, LLC iad MHL,
Mobile High-Definition Link agus Lógó MHL.
HDMI CEC - EasyLink
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le
nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime
araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid an
cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse
Ardghléine (HD). Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-
aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla
HDMI níos faide ná 5 m.
EasyLink HDMI CEC
Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá
EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú leis an
gcianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a
chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na
teilifíse le EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC
(Consumer Electronics Control) chun cumarsáid a
dhéanamh leis na gléasanna nasctha. Ní mór do
ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha
le nasc HDMI.
Suiteáil EasyLink
Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go
bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na
gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann
nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí
eile.
HDMI CEC ar bhrandaí eile
Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC
ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet,
Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink
agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go
hiomlán le EasyLink.
Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI
CEC .
DVI go HDMI
Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas
DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de
na naisc HDMI le cuibheoir DVI go HDMI.
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do
ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI
agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm)
isteach san Audio Inle haghaidh fuaime, ar chúl na
teilifíse.
27