User manual

Cosaint ar Chóipeáil
Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint
Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha
chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar
chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray.
Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach).
6.3
Y Pb Pr - Comhpháirt
Is nasc ardchaighdeánY Pb Pr- Fís Chomhpháirte.
Is féidir an nasc YPbPr a úsáid le haghaidh
comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Cuir isteach na
comharthaí Fuaime Clé agus Deas in aice leis na
comharthaí Y, Pb agus Pr.
Meaitseáil na dathanna nascóra YPbPr (uaine, gorm,
dearg) le plugaí na gcábla nuair a nascann tú.
Úsáid cábla Fuaime Clé/Deas má tá fuaim ag do
ghléas chomh maith.
6.4
SCART
Is nasc ar chaighdeán maith é SCART.
Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh
comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid
le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Tá
comharthaí físe agus fuaime sa nasc SCART. Tacaíonn
an nasc SCART freisin le hathsheinm NTSC.
6.5
Fuaim Amach - Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach -
Optúil.
Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a
iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas,
ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is
féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime
Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime
Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
6.6
CAM le Cárta Cliste - CI+
Maidir le CI+
Tabhair faoi deara: Níl tacaíocht ar fáil do thíortha
san Áise, san Aigéan Ciúin, sa Mheánoirthear ná san
Afraic.
28