User manual

Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Blu-
ray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na
teilifíse .
6.11
Seinnteoir DVD
Úsáid cábla HDMI chun an seinnteoir DVD a nascadh
leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá
EasyLink CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú
le cianrialtán na teilifíse.
6.12
Bluetooth - Callairí agus
Ceapa Stiúrtha
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat gléas gan sreang a nascadh le Bluetooth®
leis an teilifís seo – callaire gan sreang, fo-dhordaire,
barra fuaime nó cluasáin. Is féidir leat ceap stiúrtha
gan sreang a nascadh le Bluetooth LE.
Chun fuaim na teilifíse a sheinnt ar challaire gan
sreang, ní mór duit an callaire gan sreang a phéireáil
leis an teilifís. Is féidir leat roinnt callairí gan sreang
agus 4 ghléas Bluetooth LE (ísealfhuinneamh) ar a
mhéid a phéireáil. Ní féidir leis an teilifís ach fuaim a
sheinnt ar challaire amháin san iarraidh. Má nascann
tú fo-dhordaire, seinntear an fhuaim ar an teilifís agus
ar an bhfo-dhordaire. Má nascann tú barra fuaime, ní
sheinntear an fhuaim ach ar an mbarra fuaime
amháin.
Aire - Sioncronú Fuaim le Fís
Tá 'tréimhse folaigh', mar a thugtar air, ard ag go leor
córas callairí Bluetooth. Ciallaíonn tréimhse folaigh
ard go mbíonn an fhuaim taobh thair den fhís, rud a
fhágann nach mbíonn an 'beolbheachtú'
sioncronaithe. Sula gceannóidh tú córas callairí
Bluetooth gan sreang, bí cinnte go bhfuil tú ar an
eolas faoi na múnlaí is nuaí agus aimsigh ceann a
bhfuil rátáil tréimhse folaigh íseal aige. Beidh do
mhiondíoltóir in ann comhairle a chur ort.
Gléas a Phéireáil
Lonnaigh an callaire gan sreang laistigh d'achar 5
méadar ón teilifís. Léigh treoir úsáideora an ghléis
chun eolas sonrach a fháil faoi phéireáil agus faoi
raon gan sreang. Cinntigh go bhfuil an socrú
Bluetooth ar an teilifís casta air.
A luaithe is atá ceap stiúrtha gan sreang péireáilte, is
féidir leat é a úsáid. Nuair atá callaire gan sreang
péireáilte, is féidir leat é a roghnú chun fuaim na
teilifíse a sheinnt. Nuair atá gléas péireáilte, ní gá é a
phéireáil arís mura mbainfidh tú an gléas as.
Chun callaire gan sreang a phéireáil leis an teilifís…
1 - Cas air an callaire gan sreang agus lonnaigh
laistigh de raon na teilifíse é.
2 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
3 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
4 - Roghnaigh Bluetooth > Cuardaigh Gléas
Bluetooth.
5 - Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. Lean na
treoracha ar an scáileán. Péireálfaidh tú an gléas leis
an teilifís agus stórálfaidh an teilifís an nasc. Seans go
mbeidh ort gléas atá péireáilte a dhíphéireáil i
dtosach má tá an uasmhéid na ngléasanna péireáilte
bainte amach.
6 - Roghnaigh an cineál gléis (cluasáin, fodhordaire,
32