User manual

Is féidir leat an phróifíl shrianta a chur isteach anois.
Is féidir leat an cód PIN a athrú i gcónaí leis an gcód
PIN nó an liosta feidhmchlár atá ceadaithe nó nach
bhfuil ceadaithe a athrú.
Iontráil
Chun an phróifíl shrianta a iontráil (athraigh go)…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Android agus brúigh OK.
3 - Brúigh (síos) agus
roghnaigh Pearsanta > Slándáil & sriantaí agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Iontráil próifíl shrianta agus
brúigh OK.
5 - Cuir isteach cód PIN leis an gcianrialtán.
6 - Brúigh BACK chun dul siar céim amháin nó
brúigh EXIT chun an roghchlár a dhúnadh.
Taispeánfar deilbhín ar an scáileán Baile má théann
tú isteach i bpróifíl shrianta. Scrolláil síos
chuig Socruithe agus scrolláil ar dheis ar fad.
Scrios
Chun an phróifíl shrianta a scriosadh…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Android agus brúigh OK.
3 - Brúigh (síos) agus
roghnaigh Pearsanta > Slándáil & sriantaí agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Scrios próifíl shrianta agus
brúigh OK.
5 - Cuir isteach an cód PIN. Scriosfaidh an teilifís an
phróifíl shrianta.
8.5
Bainistigh Feidhmchláir
Má stopann tú feidhmchlár agus má fhilleann tú ar an
roghchlár Baile, níl an feidhmchlár stoptha. Tá an
feidhmchlár beo sa chúlra i gcónaí. Ní mór don chuid
is mó d'fheidhmchláir roinnt sonraí a shábháil i
gcuimhne thaisce na teilifíse chun feidhmiú go maith.
D'fhéadfadh sé a bheith inmholta feidhmchlár a
stopadh ar fad nó sonraí taisce feidhmchláir faoi leith
a ghlanadh chun feidhmíocht feidhmchlár ar an
iomlán a optamú agus chun úsáid chuimhne a
choinneáil íseal ar do Android TV. Anuas air sin, is é
an cleachtas is fearr feidhmchláir nach bhfuil in úsáid
agat a dhíshuiteáil.
Chun an liosta feidhmchlár atá íoslódáiltea agus
feidhmchlár córais a oscailt…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Android agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Gléas > Feidhmchláir agus brúigh
OK.
4 - Roghnaigh feidhmchlár agus brúigh OK. Má tá an
feidhmchlár ar siúl i gcónaí, is féidir leat iallach a chur
air stopadh nó is féidir leat na sonraí taisce a
ghlanadh. Is féidir leat na feidhmchláir atá íoslódáilte
agat a dhíshuiteáil.
5 - Brúigh BACK chun dul siar céim amháin nó
brúigh EXIT chun an roghchlár a dhúnadh.
Má tá Diosca Crua USB á úsáid agat chun
feidhmchláir a stóráil, is féidir leat an feidhmchlár a
bhogadh ón Diosca Crua USB go dtí cuimhne na
teilifíse nó vice versa.
8.6
Stóráil
Is féidir leat féachaint ar an méid spáis stórála –
cuimhne inmheánach na teilifíse – atá á úsáid agat do
d'fheidhmchláir, físeáin, ceol, etc, agus ar an méid
spáis atá saor i gcónaí agat chun feidhmchláir nua a
shuiteáil. Seiceáil do stóráil má tá d'fheidhmchláir
mall nó mura bhfuil siad ag obair i gceart.
Chun an méid stórála atá á úsáid agat a fheiceáil…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Android agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Gléas > Stóráil &
athshocraigh agus brúigh OK.
4 - Féach ar úsáid stórála chuimhne na teilifíse.
5 - Brúigh BACK chun dul siar céim amháin nó
brúigh EXIT chun an roghchlár a dhúnadh.
Diosca Crua USB
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat an
diosca crua a úsáid chun síneadh a chur le cuimhne
na teilifíse chun go mbeidh tú in ann tuilleadh
feidhmchláir a stóráil. Déanfaidh an teilifís iarracht na
feidhmchláir nua a stóráil ar an Diosca Crua USB i
dtosach. Tá roinnt feidhmchláir ann nach bhfuil
ceadaithe iad a stórail ar Dhiosca Crua USB.
Déan roinnt spáis stórála a shaoradh
Nuair a fhaigheann tú an teachtaireacht ón gclár
teilifíse go bhfuil an “Spáis stórála íseal...”, téigh go
HOME > Socruithe > Bainistigh feidhmchláirchun
spás stórála a shaoradh trí roinnt feidhmchláir a
bhaint as nó iad a stóráil go seachtrach.
48