User manual

2
Suiteáil
2.1
Léigh Sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n-
úsáideann tú an teilifís.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair,
roghnaigh Eochairfhocail agus déan cuardach
do Threoracha Sábháilteachta.
2.2
Seastán Teilifíse agus
Gléasadh Balla
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a
ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig
leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó
www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir múnla na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Gléasadh Balla
Tá do theilifís ullmhaithe freisin do bhrac atá
comhlíontach le VESA chun í a ghléasadh ar an
mballa (díoltar leis féin é).
Úsáid an cód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat. . .
• 65PUS7601
VESA MIS-F 400x400, M6
Ullmhúchán
Bain amach na 4 scriúchlaibín phlaisteacha as na
boisc snáithithe ar chúl na teilifíse ar dtús.
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm
isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
a ghléasadh leis an mbrac VESA-comhlíontach.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim shábháilteachta ar dtús
freisin sula lonnóidh tú an teilifís.
Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach as aon
ghléasadh míchuí ná gléasadh ar bith a éiríoinn
timpiste nó gortú as.
2.3
Leideanna maidir le Láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go
díreach ar an scáileán.
• Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
• Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an
teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an
scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh
do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
15
cm
2.4
Cábla Cumhachta
• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER
ar chúl na teilifíse.
• Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha
isteach go daingean sa nascóir.
• Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an
bpluga cumhachta sa soicéad balla.
• Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta,
tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go
deo.
5