User manual

Lonnú Teilifíse
Mar chuid den chéad suiteáil, socraítear an socrú seo
do Ar sheastán teilifíse Gléasta ar an mBalla.
Má tá suíomh na teilifíse athraithe ó shin agat,
athraigh an socrú sin dá réir le haghaidh an
atáirgeadh fuaime is fearr.
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas) chun
an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Lonnú Teilifíse.
4 - Roghnaigh Ar sheastán teilifíse Gléasta ar
an mballa.
5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Ardsocruithe Fuaime
Uath-Leibhéaladh Airde Fuaime
Is féidir leat an teilifís a shocrú chun difríochtaí
tobanna san airde fuaime a leibhéaladh le
hUathleibhéaladh Airde Fuaime. Bíonn sé sin ag
teastáil go hiondúil ag tús na bhfógraí nó nuair atá tú
ag athrú cainéal.
Chun casadh air nó as…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas) chun
an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Ardsocruithe agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
4 - Roghnaigh Uathleibhéaladh Airde Fuaime agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
5 - Roghnaigh Air As.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Clear Sound
Feabhsaíonn tú an fhuaim do chaint le Clear Sound.
Feileann sé go breá do chláir nuachta. Is féidir leat an
feabhas cainte a chasadh air nó as.
Chun casadh air nó as…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas) chun
an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Clear Sound.
4 - Roghnaigh Air As.
5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Formáid Fuaime Amach
Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an
cumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí
Dolby Digital, DTS® nó a macasamhail, athraigh an
socrú don fhormáid Fuaim Amach go Ilchainéal.
Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha
fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal
teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas
Amharclainne Baile. Má tá Córas Amharclainne Baile
agat nach bhfuil próiseáil fuaime ilchainéil aige,
roghnaigh Steiréó.
Chun an Fhormáid Fuaime Amach a shocrú…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas) chun
an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Formáid Fuaime
Amach.
4 - Roghnaigh Ilchainéal Steiréó.
5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Leibhéaladh Fuaime Amach
Úsáid an socrú Leibhéaladh Fuaime Amach chun
airde fuaime (treise) na teilifíse agus an Chórais
Amharclainne Baile a chothromú nuair a athraíonn tú
ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i
bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in
airde fuaime.
Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas) chun
an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Leibhéaladh Fuaime
Amach.
4 - Má tá difríocht mhór san airde fuaime, roghnaigh
Níos Mó. Má tá difríocht bheag san airde fuaime,
roghnaigh Níos Lú.
5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Baineann Leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí
fuaime Fuaim Amach - Optúil agus HDMI ARC
araon.
Moill ar Fhuaim Amach
Má shocraíonn tú moill sionc Fuaime ar do Chóras
Amharclainne Baile chun an fhuaim a shioncronú leis
an bpictiúr, ní mór duit Moill ar Fhuaim Amach ar an
teilifís a chasadh as.
Chun an Mhoill ar Fhuaim Amach a chasadh as…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
60