User manual

Socruithe Teanga Fotheideal
Is féidir le cainéil dhigiteacha roinnt teangacha
fotheideal a thairiscint do chlár. Is féidir leat
príomhtheanga fotheideal agus teanga thánaisteach
a shocrú d'fhotheidil. Má tá fotheidil ar fáil i gceann
de na teangacha sin, taispeánfaidh an teilifís iad.
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal
is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile
atá ar fáil a roghnú.
Chun an phríomhtheanga agus teanga thánaisteach
fhotheideal a shocrú…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Réigiúin agus Teanga agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Teangacha > Fotheidil
Phríomhúla Fotheidil Thánaisteacha.
4 - Roghnaigh an teanga atá uait.
5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Fotheidil ó Théacs
Má thiúnann tú do chainéal analógach, ní mór duit na
fotheidil a chur ar fáil de láimh do gach cainéal.
1 - Athraigh go dtí cainéal agus brúigh TEXT chun
Téacs a oscailt.
2 - Cuir isteach uimhir an leathanaigh a bhfuil na
fotheidil orthu, 888 go hiondúil.
3 - Brúigh TEXTarís chun Téacs a dhúnadh.
Má roghnaíonn tú On i roghchlár na bhFotheideal
nuair atá tú ag féachaint ar chainéal analógach,
taispeánfar fotheidil má tá siad ar fáil.
Teangacha Téacs / Teilithéacs
Leathanaigh Téacs
Chun Téacs/Teilitéacs a oscailt, brúigh TEXT, agus tú
ag féachaint ar chainéil teilifíse.
Chun Téacs a dhúnadh, brúigh TEXT arís.
Roghnaigh leathanach téacs
Chun leathanach a roghnú... . .
1 - Cuir isteach uimhir an leathanaigh leis na
heochracha uimhreacha.
2 - Úsáid na heochracha saighde chun nascleanúint.
3 - Brúigh eochair datha chun ábhar atá
dathchódaithe a roghnú ag bun an scáileáin.
Foleathanaigh téacs
Tá roinnt foleathanach in ann a bheith ag leathanach
téacs. Taispeántar uimhreacha na bhfoleathanach ar
bharra in aice le huimhir an phríomhleathanaigh.
Chun foleathanach a roghnú, brúigh or .
T.O.P. Leathanaigh téacs
Tairgeann roinnt craoltóirí Téacs T.O.P. Téacs.
Chun T.O.P. a oscailt. Leathanaigh Téacs laistigh de
Théacs, brúigh OPTIONS agus roghnaigh
forbhreathnú T.O.P.
Leathanaigh ceanán
Déanann an teilifís liosta den 10 leathanach Téacs
deireanacha a d'oscail tú. Is féidir leat iad a athoscailt
sa cholún Leathanaigh Téacs Ceanán.
1 - In Téacs, roghnaigh an réalta ar bharr an scáileáin
ar thaobh na láimhe clé chun colún na leathanach
ceanán a thaispeáint.
2 - Brúigh (síos) nó (suas) chun uimhir
leathanaigh a roghnú agus brúigh OK chun an
leathanach a oscailt.
Is féidir leat an liosta a ghlanadh leis an rogha Glan
Leathanaigh Cheanáin.
Téacs a chuardach
Is féidir leat focal a roghnú agus Téacs a scanadh le
haghaidh gach ásc den fhocal sin.
1 - Oscail leathanach Téacs agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh focal nó uimhir leis na méaracha
saighde.
3 - Brúigh OKarís chun dul díreach go dtí an chéad
ásc eile den fhocal nó den uimhir sin.
4 - Brúigh OKarís chun dul go dtí an chéad ásc eile.
5 - Chun an cuardach a stopadh, brúigh (suas)
go dtí nach bhfuil aon rud roghnaithe.
Téacs ó ghléas nasctha
Tá roinnt gléasanna atá in ann glacadh le cainéil
teilifíse in ann Téacs a thairsicint chomh maith.
Chun Téacs a oscailt ó ghléas nasctha. . .
1 - Brúigh , roghnaigh an gléas agus brúigh OK.
2 - Agus tú ag féachaint ar chainéal ar an ngléas,
brúigh OPTIONS , roghnaigh Taispeáin eochracha
an ghléis agus roghnaigh an eochair agus
brúighOK.
3 - Brúigh BACK chun na heochracha gléis a
chur i bhfolach.
4 - Chun Téacs a dhúnadh, brúigh BACK arís.
Téacs (Ríocht Aontaithe amháin)
Tairgeann roinnt craoltóirí teilifíse digití Téacs
Digiteach nó teilifís idirghníomhach ar a gcainéil
dhigiteacha teilifíse. Áirítear leis seo gnáth-Théacs a
úsáidtear leis na heochracha uimhreacha, dathanna
agus nascleanúna chun roghanna a dhéanamh agus
chun bogadh.
Chun Téacs Digiteach a dhúnadh, brúigh BACK.
68