User manual

13
Meáin
13.1
Ó Nasc USB
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghaif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg chuimhne USB nó
diosca crua USB nasctha.
Agus an teilifís casta air agat, plugáil isteach méaróg
chuimhne USB nó Diosca Crua USB i gceann de na
naisc USB. Braithfidh an teilifís an gléas agus
tabharfaidh sé liosta de do chomhaid Meán.
Mura dtaispeánfar an liosta comhad go uathoibríoch…
1 - Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Gléasanna USB agus
brúigh (deas) chun do chomhaid a bhrabhsáil sa
struchtúr fillteáin atá eagraithe agat ar an tiomántán.
3 - Chun éirí as físeáin, grianghraif agus ceol a
sheinnt, brúigh EXIT.
Rabhadh:
Má dhéanann tú iarracht clár a chur ar sos nó é a
thaifeadadh nuair atá Diosca Crua USB, iarrfaidh an
teilifís ort an Diosca Crua USB a fhormáidiú.
Scriosfaidh an formáidiú seo gach comhad reatha ar
an Diosca Crua USB.
13.2
Ó Ríomhaire nó NAS
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó ríomhaire nó ó NAS (Stórás
atá Ceangailte le Líonra) i do líonra baile.
Ní mór don teilifís agus don ríomhaire nó NAS a
bheith sa líonra baile céanna. Ní mór duit Bogearraí
Freastalaí Meán a shuiteáil ar do ríomhaire nó do
NAS. Ní mór do do Fhreastálaí Meán a bheith
socraithe chun comhaid a roinnt leis an teilifís.
Taispeánfaidh an teilifís do chomhaid agus d'fhillteáin
mar a eagraíonn an Freastálaí Meán iad nó mar atá
siad struchtúrtha ar do ríomhaire nó NAS.
Ní thacaíonn an teilifís le fotheidil ar shruthanna físe ó
ríomhaire nó NAS.
Má thacaíonn an Freastálaí Meán le cuardach do
chomhaid, beidh réimse cuardaigh ar fáil.
Chun na comhaid ar do ríomhaire a bhrabhsáil nó a
sheinnt…
1 - Brúigh SOURCES, roghnaigh
Líonra agus brúigh OK.
2 - A luaithe is a nasctar gléas SimplyShare, cuirtear
ainm an ghléis a nascadh in áit an mhír SimplyShare
Devices.
3 - Is féidir leat do chuid comhad a bhrabhsáil agus a
sheinnt.
4 - Chun éirí as físeáin, grianghraif agus ceol a
sheinnt, brúigh EXIT.
13.3
Ó Sheirbhís Stórála sa Néal
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó ceol nó
físeáin atá uaslódáilte agat ar sheirbhís stórála a
sheinnt sa néal ar líne*.
Leis an bhfeidhmchlár Cloud Explorer is féidir
leat nascadh le Seirbhísí Óstála sa Néal. Is féidir leat
do logáil isteach agus do phasfhocal a úsáid chun
nascadh.
1 - Brúigh HOME.
2 - Scrolláil síos agus
roghnaigh Feidhmchláir > Cloud
Explorer agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an tseirbhís óstála atá uait.
4 - Nasc agus sínigh isteach don tseirbhís óstála le
do logáil isteach agus do phasfhocal.
5 - Roghnaigh an grianghraf nó an físeán a bhfuil uait
é a sheinnt agus brúigh OK.
6 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
* Seirbhís stórála cosúil le Dropbox™.
13.4
Roghchlár Ceanán, Is mó
Éilimh, a Seinneadh go
deireanach
Féach ar chomhaid ceanáin
1 - Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Gléasanna USB agus roghnaigh
Ceanáin.
3 - Is féidir leat féachaint ar gach comhad ceanáin sa
liosta.
Féach ar na comhaid is mó éilimh
1 - Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Gléasanna USB agus roghnaigh
Is mó éilimh.
3 - Brúigh OK chun féachaint ar chomhaid sa liosta
nó brúigh OPTIONS chun liosta na gcomhad is mó
éilimh a ghlanadh.
Féach ar na comhaid a seinneadh go deireanach
1 - Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Gléasanna USB agus
73