User manual

15
Taifeadadh agus
Cuir Teilifís ar Sos
15.1
Taifeadadh
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat craoladh teilifíse digití a thaifeadadh agus
féachaint air níos deireanaí.
Chun clár teilifíse a thaifeadadh, teastaíonn na nithe
seo a leanas uait…
• Tiomántán Diosca Crua USB nasctha ar an teilifís seo
• cainéil teilifíse dhigiteacha suiteáilte ar an teilifís seo
• chun eolais faoi chainéil a fháil don Eolaire Teilifíse
ar an scáileán
• socrú cloig teilifíse iontaofa. Má athshocraíonn tú
clog na teilifíse de láimh, d'fhéadfadh na taifeadtaí
teipeadh.
Ní féidir leat taifeadadh nuair atá Cuir an Teilifís ar Sos
in úsáid agat.
Maidir le reachtaíocht cóipchirt a fhorfeidhmiú, is
féidir le roinnt soláthróirí DVB srianta éagsúla a chur i
bhfeidhm trí theicneolaíocht DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach) a úsáid. I gcás cainéil chosanta a
chraoladh, d'fhéadfadh srian a bheith ar thaifeadadh,
ar bhailíocht taifead nó ar an líon amharc.
D'fhéadfadh cosc iomlán a bheith ar thaifeadadh. Sa
chás go ndéantar iarracht craoladh cosanta a
thaifeadadh nó taifead éagtha a athsheinnt, seans go
dtaispeánfaí teachtaireacht earráide.
Tabhair faoi deara:
Is do chraoladh teilifíse amháin an fheidhm taifeadta.
Ní féidir inneachar a thaifeadadh ó ghléasanna
seachtracha (e.g. HDMI).
Clár a Thaifeadadh
Taifead Anois
Chun an clár a bhfuil tú ag féachaint air anois a
thaifeadadh, brúigh (Taifead) ar an gcianrialtán.
Tosóidh an taifeadadh láithreach.
Chun taifeadadh a stopadh, brúigh (Stop).
Nuair atá sonraí ón Eolaire Teilifíse ar fáil, taifeadfar
an clár a bhfuil tú ag féachaint air ón nóiméad a
bhrúigh an eochair taifeadta go dtí go dtagann
deireadh leis an gclár. Mura bhfuil aon sonraí Eolaire
Teilifíse ar fáil, ní mhairfidh an taifeadadh ach 30
nóiméad. Is féidir leat an t-am a chríochnóidh an
taifeadadh a athrú sa liosta Taifeadtaí.
Sceidealaigh Taifeadadh
Is féidir leat taifeadadh cláir atá le craoladh inniu nó i
gceann cúpla lá (suas le 8 lá) a sceidealú. Bainfidh an
teilifís úsáid as na sonraí ón Eolaire Teilifíse chun tús a
chur le taifeadadh agus chun deireadh a chur leis.
Chun clár a thaifeadadh…
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Úsáid na heochracha nascleanúna chun Anois a
roghnú, agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Anois, Ar ball, Amárach nó an lá
atá uait, agus brúigh OK BACK chun an
roghchlár a dhúnadh.
4 - Roghnaigh an clár a bhfuil uait é a thaifeadadh,
brúigh OPTIONS, roghnaigh Taifead, agus
brúigh OK. Tá an clár sceidealta chun taifeadadh.
Taispeánfar rabhadh go huathoibríoch nuair atá
taifeadtaí sceidealta atá ag forluí ar a chéile. Má tá tú
ag beartú clár a thaifeadadh nuair nach bhfuil tú sa
bhaile, ná déan dearmad an teilifís a fhágáil ar
Fuireachas agus an Diosca Crua USB a fhágáil casta
air.
5 - Brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Coimhlintí Taifeadta
Nuair atá dhá thaifeadadh sceidealta ag forluí ar a
chéile, tá coimhlint taifeadta ann. Chun coimhlint
taifeadta a réiteach, is féidir leat am tosaithe agus am
críochnaithe ceann amháin nó an dá thaifeadadh a
athrú.
Chun am tosaithe agus am críochnaithe taifeadta
sceidealta a athrú…
1 - Brúigh SOURCES, agus
roghnaigh Taifeadtaí.
2 - Ar bharr an scáileáin,
roghnaigh Sceidealta agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Taifeadtaí i liosta na dtaifeadtaí atá
sceidealta agus na meabhrúchán agus brúigh
OK chun féachaint ar na taifeadtaí atá sceidealta
amháin.
4 - Roghnaigh an taifeadadh sceidealta atá ag
coimhlint le taifeadadh sceidealta eile agus
brúigh OPTIONS.
5 - Roghnaigh Athraigh Am agus brúigh OK.
6 - Roghnaigh am tosaithe nó am críochnaithe agus
athraigh an t-am leis na heochracha (suas) nó
(síos). Roghnaigh Cuir i bhFeidhm agus brúigh
OK.
7 - Brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
78