User manual

1 -
Chun an Feidhmchlár Netflix a oscailt go díreach.
Nuair atá an teilifís casta air nó ó fhuireachas.
2 - Airde fuaime
Chun airde na fuaime a athrú.
3 - Eochracha uimhreach
Chun cainéal a roghnú go díreach.
4 - SUBTITLE
Chun fotheidil a chasadh air nó as chun iad a
thaispeáint go huathoibríoch.
5 - Athsheinm agus Taifead
• Seinn , chun athsheanma.
• Cuir ar sos , chun athsheinm a chur ar sos
• Stop , chun athsheinm a stopadh
• Atochras , chun atochras
• Mearchasadh , chun mearchasadh
• Taifead , chun tús a chur le taifeadadh
6 - Cainéal
Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an
cainéal roimhe sin i liosta na gcainéal. Chun an chéad
leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a oscailt
in Téacs/Teilithéacs. Chun an chéad chaibidil eile nó
an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú.
7 - Balbhaigh
Chun an fhuaim a bhalbhú, nó í a dhíbhalbhú.
8 - TEXT
Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
3.2
An Cianrialtán a Phéireáil
Chun go mbeidh an cianrialtán in ann cumarsáid leis
an teilifís, ba cheart an teilifís agus an cianrialtán
araon a bheith péireáilte (nasctha) lena chéile.
Péireáil
Nuair a chuir tú tús le suiteáil na teilifíse, thug an
teilifís cuireadh duit an eochair OK a bhrú, agus leis
sin, rinneadh an phéireáil. Mura bhfuil an teilifís ag
freagairt nuair a bhrúnn tú eochair ar bith ar an
gcianrialtán, níor éirigh le péireáil.
Péireáil arís
Má tá an phéireáil leis an gcianrialtán imithe, is féidir
leat an teilifís a phéireáil arís leis an gcianrialtán.
Chun péireáil a thosú...
1 - Ar chúl na teilifíse, agus tú i do sheasamh os
comhair na teilifíse ar thaobh na láimhe deise, brúigh
eochair cumhachta an luamháin stiúrtha isteach
ar feadh 3 soicind. Taispeánfar teachtaireacht go
bhfuil an teilifís réidh le haghaidh a péireála.
2 - Brúigh na heochracha datha (dearg) agus
(gorm) le chéile ar feadh 1 soicind. Taispeánfar
teachtaireacht nuair a éiríonn leis an bpéireáil.
3.3
Cuardach Gutha
Is féidir leat cuardach a dhéanamh d'fhíseáin ceol nó
rud ar bith eile ar an Idirlíon díreach trí do ghuth a
úsáid. Is féidir leat labhairt isteach sa mhicreafón ar an
gcianrialtán. Mar rogha air sin, is féidir leat méarchlár
an chianrialtáin a úsáid chun téacs a chur isteach.
Chun Guth a úsáid…
1 - Brúigh VOICE. Lastar an solas gorm ar an
gcianrialtán agus osclaítear an réimse cuardaigh. Fad
is atá an deilbhín dearg ar an scáileán, tá an
micreafón beo.
2 - Abair an rud atá uait go soiléir. Is féidir leat
labhairt ar feadh 10 soicind sula gcasfar an micreafón
as. D'fhéadfadh sé roinnt ama a thógáil sula
dtaispeánfar na torthaí.
3 - Is féidir leat an rud atá uait a roghnú ó na torthaí
ar an gcuardach.
4 - Brúigh BACK chun na torthaí cuardaigh a
dhúnadh más gá.
Chun méarchlár an chianrialtáin a úsáid chun
cuardach a dhéanamh…
1 - Brúigh VOICE chun an réimse cuardaigh a
oscailt.
2 - Brúigh (deas) chun an réimse téacs a oscailt.
3 - Cas méarchlár an chianrialtáin i do threo agus
clóscríobh a bhfuil uait.
4 - Brúigh BACK chun an méarchlár ar an
scáileán a chur i bhfolach.
5 - Is féidir leat an rud atá uait a roghnú ó na torthaí
ar an gcuardach.
6 - Brúigh BACK chun na torthaí cuardaigh a
dhúnadh más gá.
Féach ar www.support.google.com/androidtv freisin
Socruithe Gutha
8