User manual

18
Ambilight
18.1
Ambilight, Air nó As
Lean Físeán
Is féidir leat Ambilight a shocrú chun an físeán a
leanúint nó dinimicí fuaime cláir teilifíse. Mar rogha air
sin, is féidir leat Ambilight a shocrú chun stíl datha
réamhshocraithe a thaispeáint nó is féidir leat
Ambilight a chasadh as.
Má roghnaíonn tú Lean Físeán, is féidir leat ceann de
na stíleanna a leanann dinimicí an phictiúir ar do
scáileán teilifíse a roghnú.
Chun an Stíl Ambilight a shocrú…
1 - Brúigh AMBILIGHT.
2 - Roghnaigh Lean Físeán.
3 - Roghnaigh an stíl atá uait.
4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Is iad na stíleanna Lean Físeán atá ar fáil ná…
Caighdeánach - Feileann sé do ghnáthfhéachaint
teilifíse
Nádúrtha - Leanann sé an pictiúr nó an fhuaim
sound chomh dílis agus is féidir
Tumthach - Feiliúnach do scannáin aicsin
Gléineach - Feiliúnach d'fhéachaint i rith an lae
Cluiche - Feiliúnach do chluichíocht
Compordach - Feiliúnach do thráthnóna ciúin
Lig do Scíth - Cruthaíonn sé braistint tolglainne
Lean Fuaim
Is féidir leat Ambilight a shocrú chun an físeán a
leanúint nó dinimicí fuaime cláir teilifíse. Mar rogha air
sin, is féidir leat Ambilight a shocrú chun stíl datha
réamhshocraithe a thaispeáint nó is féidir leat
Ambilight a chasadh as.
Má roghnaíonn tú Lean Fuaim, is féidir leat ceann de
na stíleanna a leanann dinimicí na fuaime a roghnú.
Chun an Stíl Ambilight a shocrú…
1 - Brúigh AMBILIGHT.
2 - Roghnaigh Lean Fuaim.
3 - Roghnaigh an stíl atá uait.
4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Is iad na stíleanna Lean Fuaim atá ar fáil ná…
Lumina - Meascann sé dinimicí fuaime le dathanna
físe
Colora - Bunaithe ar dhinimicí fuaime
Retro - Bunaithe ar dhinimicí fuaime
Spectrum - Bunaithe ar dhinimicí fuaime
Scanner - Bunaithe ar dhinimicí fuaime
Rhytm - Bunaithe ar dhinimicí fuaime
Party - Meascán de gach stíl Lean Fuaim, ceann i
ndiaidh a chéile
Lean Dath
Is féidir leat Ambilight a shocrú chun an físeán a
leanúint nó dinimicí fuaime cláir teilifíse. Mar rogha air
sin, is féidir leat Ambilight a shocrú chun stíl datha
réamhshocraithe a thaispeáint nó is féidir leat
Ambilight a chasadh as.
Má roghnaíonn tú Lean Dath, is féidir leat ceann de
na scéimeanna datha réamhshocraithe a roghnú.
Chun an Stíl Ambilight a shocrú…
1 - Brúigh AMBILIGHT.
2 - Roghnaigh Lean Dath.
3 - Roghnaigh an stíl atá uait.
4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
Is iad na stíleanna Lean Dath atá ar fáil ná…
Hot Lava - Malairtí deirge
Deep Water - Malairtí goirm
Fresh Nature - Malairtí uaine
ISF Warm White - Dath statach
Cool White - Dath statach
Lean Feidhmchlár
Tá an fheidhm seo ar fáil nuair a rialaíonn tú Ambilight
le feidhmchlár.
Chun an Stíl Ambilight a shocrú…
1 - Brúigh AMBILIGHT.
2 - Roghnaigh Lean Feidhmchlár.
3 - Lean an treoir ar an scáileán.
4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
18.2
Ambilight As
Chun Ambilight a chasadh as…
1 - Brúigh AMBILIGHT.
2 - Roghnaigh As.
3 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
83