User manual

19
Sár-Roghanna
19.1
Maidir le Sár-Roghanna
Le Sár-Roghanna, molann do theilifís…
• cláir teilifíse reatha in Ar an teilifís anois
• na físeáin ar cíos is deireanaí in Físeán ar
Éileamh
• seirbhísí teilifíse ar líne (Catch Up TV) in Teilifís
ar Éileamh
Chun taitneamh a bhaint as Sár-Roghanna, nasc do
theilifís leis an Idirlíon. Bí cinnte go nglacann tú leis
na Téarmaí Úsáide. Níl seirbhísí ná eolas faoi na Sár-
Roghanna ar fáil ach amháin i dtíortha faoi leith.
Téarmaí Úsáide
Ní mór duit glacadh leis na Téarmaí Úsáide chun ligint
don teilifís na moltaí seo a dhéanamh. Cinntigh go
bhfuil tic curtha agat sa ticbhosca do Ag freastal ar do
mholtaí pearsantaithe chun moltaí pearsantaithe a
fháil atá bunaithe ar do ghnásanna féachana.
Chun na Téarmaí Úsáide a oscailt…
1 - Brúigh TOP PICKS.
2 - Úsáid na heochracha nascleanúna chun a
roghnú ar bharr an scáileáin ar thaobh na láimhe
deise, roghnaigh Téarmaí Úsáide agus brúigh OK.
19.2
Ar Theilifís Anois
Maidir le Ar Theilifís Anois
Molann an teilifís na 10 gclár is mó a bhfuil tóir orthu
faoi láthair le Ar Theilifís Anois .
Roghnaítear na cláir a moltar ó na cainéil atá
suiteáilte agat. Déantar an rogha ó chainéil do thíre.
Anuas air sin, is féidir leat ligint do Ar Theilifís Anois
roinnt moltaí pearsantaithe a dhéanamh duit atá
bunaithe ar na cláir a bhféachann tú orthu go rialta.
Chun eolas Ar Theilifís Anois a chur ar fáil…
• ní mór d'eolas Ar Theilifís Anois ar fáil i do thír.
• ní mór don teilifís na cainéil a bheith suiteáilte.
• Ní mór don teilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
• ní mór do Chlog na teilifíse a bheith socraithe
d'Uathoibríoch nó Ag Brath ar an Tír.
• ní mór duit glacadh leis na Téarmaí Úsáide (B'fhéidir
gur ghlac tú leo cheana féin nuair a nasc tú leis an
Idirlíon).
Ar Theilifís Anois á úsáid
Chun Ar Theilifís Anois a oscailt…
1 - Brúigh TOP PICKS chun an roghchlár Sár-
Roghanna a oscailt.
2 - Roghnaigh Ar Theilifís Anois ar bharr an
scáileáin agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Tuilleadh chun an t-eolaire teilifíse a
oscailt.
Nuair a osclaíonn tú Ar Theilifís Anois, d'fhéadfadh
roinnt soicind a bheith ag teastáil ón teilifís chun an t-
eolas leathanaigh a athnuachan.
19.3
Teilifís ar Éileamh
Maidir le Teilifís ar Éileamh
Is féidir leat féachaint ar chláir teilifíse atá caillte agat
nó féachaint ar na cláir is ansa leat ag an am is fearr a
fheileann duit le Teilifís ar Éileamh . Tugtar Catch
Up TV, Replay TV nó Online TV ar an tseirbhís seo
freisin. Is féidir féachaint ar na cláir atá ar fáil ar
Theilifís ar Éileamh gan íoc.
Anuas air sin, is féidir leat ligint do Theilifís ar Éileamh
roinnt moltaí pearsantaithe clár a dhéanamh,
bunaithe ar shuiteáil na teilifíse agus ar na cláir a
mbíonn tú ag féachaint orthu go rialta.
Ní thaispeánfar an deilbhín sa bharra ar bharr an
roghchláir Baile ach amháin nuair atá Teilifís ar
Éileamh ar fáil.
Teilifís ar Éileamh a úsáid
Chun Teilifís ar Éileamh a oscailt…
1 - Brúigh TOP PICKS chun an roghchlár Sár-
Roghanna a oscailt.
2 - Roghnaigh Teilifís ar Éileamh ar bharr an
scáileáin agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Gach Craoladh agus brúigh OK. Is
féidir leat craoltóir faoi leith a roghnú má tá níos mó
ná ceann amháin ar fáil.
4 - Brúigh BACK chun dúnadh.
Nuair a osclaíonn tú Teilifís ar Éileamh, d'fhéadfadh
roinnt soicind a bheith ag teastáil ón teilifís chun an t-
eolas leathanaigh a athnuachan.
A luaithe is atá clár tosaithe, is féidir leat na
heochracha (Seinn) agus (Cuir ar sos) a úsáid.
85