User manual

Is féidir leat an teanga a úsáideann tú a shocrú le
Guth.
Chun an teanga a shocrú do Chuardach Gutha…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Android agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Roghanna > Caint agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh OK.
5 - Brúigh BACK chun dul siar céim amháin nó
brúigh EXIT chun an roghchlár a dhúnadh.
3.4
Ceap Tadhaill
Is ceap tadhaill freisin limistéar na n-eochracha
nascleanúna a bhfuil cruth an mhuileata air – na
heochracha suas, anuas, clé agus deas. Is féidir leat
an ceap tadhaill sin a úsáid chun svaidhpeáil trí liostaí
fada nó dul trí liosta céim ar chéim.
An chaoi an ceap tadhaill a úsáid…
1 - Oscail roghchlár teilifíse ar bith a bhfuil liosta air,
mar shampla an roghchlár Baile nó liosta Cainéal.
2 - Svaidhpeáil trasna an cheapa tadhaill le d’ordóg
chun an liosta a scrolláil. Suas nó anuas, nó clé go
deas Má svaidhpeálann tú an ceap tadhaill, tabharfar
ar aghaidh ag an gcéad chéim eile tú. Má
svaidhpeálann tú agus ansin d’ordóg a choinneáil ar
an gceap tadhaill (ní gá é a bhrú), tabharfar tríd an
liosta tú go dtí go dtógann tú d’ordóg ón gceap
tadhaill.
Bí cinnte go bhfoghlaimeoidh tú an svaidhp seo nó an
gotha svaidhp agus coinnigh síos. Is mór an cabhair é
agus tú ag dul trí liostaí fada.
Gníomhachtaigh/Díghníomhachtaigh feidhm an chip
tadhaill
Chun an ceap tadhaill a dhíghníomhachtú ar an
gcianrialtán...
1 - Brúigh na heochracha uimhreach 8, 6, 8, 7, agus
Balbhaigh ar an gcianrialtán san ord sin.
2 - Beidh solas gorm ar tháscaire LED an
chianrialtáin, chas tú as feidhm an chip tadhaill go
rathúil.
3 - Chun feidhm an chip tadhaill a ghníomhachtú
arís, lean na céimeanna thuas.
Tabhair faoi deara: Stórálfar an socrú
(gníomhachatigh/díghníomhachatigh) i do
chianrialtán, fiú má athraíonn tú na ceallraí.
3.5
Méarchlár
Forbhreathnú
Qwerty agus Azerty
Forbhreathnú ar mhéarchlár Qwerty / Azerty.*
1 - Carachtar Azerty
Suíomh carachtair má tá leagan amach an
mhéarchláir athraithe go Azerty.
2 - Iomlaoid
Chun carachtair cáis uachtair a chlóscríobh.
3 - Eochair Fn
Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh.
4 - Spásbharra
5 - Nascleanúint agus OK
6 - Roinn é seo
Chun a bhuil tú ag féachaint air faoi láthair a roinnt ar
líne.
* Tá méarchlár Qwerty / Azerty nó Qwerty /
Coireallach ar do chianrialtán, ag brath ar do réigiún.
Qwerty agus Coireallach
Forbhreathnú ar mhéarchlár Qwerty / Coireallach.*
1 - Carachtair Choireallacha
Na carachtair atá ar fáil nuair a athraítear an
méarchlár go Coireallach.
9