User manual

22.2
Leagan Bogearraí
Chun féachaint ar leagan reatha na mbogearraí
teilifíse…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Nuashonraigh Bogearraí > Eolas
faoi Bhogearraí Reatha agus brúigh OK.
3 - Taispeánfar an leagan, na nótaí eisithe agus an
dáta cruthaithe. Taispeánfar an Uimhir ESN Netflix
freisin má tá sé ar fáil.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
22.3
Nuashonrú bogearraí
uathoibríoch
Cas air Nuashonrú bogearraí uathoibríoch chun
bogearraí do theilifíse a nuashonrú go huathoibríoch.
Fág an teilifís i bhfuireachas nuair nach bhfuil sí casta
air.
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Nuashonraigh
Bogearraí > Nuashonrú Bogearraí
Uathoibríoch agus brúigh Air/As.
3 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
22.4
Bogearraí Foinse Oscailte
Tá bogearraí foinse oscailte sa teilifís seo. Tairgeann
TP Vision Europe B.V. leis seo cóip den chód foinse
comhfhreagrach iomlán do na pacáistí bogearraí
foinse oscailte faoi chóipcheart a úsáidtear sa táirge
seo a sheachadadh, ach iarratas a bheith déanta, sa
chás go bhfuil a leithéid de thairiscint iarrtha ag na
ceadúnais faoi seach.
Tá an tairiscint seo bailí ar feadh tréimhse suas le trí
bliana tar éis don táirge a bheith ceannaithe d'aon
duine a bhfuil an t-eolas seo a fháil aige nó aici.
Scríobh i mBéarla le do thoil chuig chun an cód foinse
a fháil . . .
open.source@tpvision.com
22.5
Ceadúnas Foinse Oscailte
Maidir leis an gCeadúnas Foinse
Oscailte
README chun an cód foinse a fháil do na codanna
sin de bhogearraí teilifíse TP Vision Netherlands B.V. a
thagann faoi cheadúnais foinse oscailte.
Is cáipéis í seo ina ndéantar cur síos ar dháileadh an
chóid foinse atá á úsáid ar theilifís TP Vision
Netherlands B.V., a thagann faoi cheann amháin den
Cheadúnas Poiblí Ginearálta GNU (an GPL), nó
Ceadúnas Poiblí Níos Lú GNU (an LGPL), nó aon
cheadúnas foinse oscailte eile. Is féidir treoracha a
fháil faoin gcaoi cóipeanna de na bogearraí seo a
fháil sna Treoracha Úsáide.
NÍ THUGANN TP Vision Netherlands B.V. AON
BHARÁNTA, BÍODH SÉ SAINRÁITE NÓ INTUIGTHE,
LENA N-ÁIRÍTEAR AON BHARÁNTA INDÍOLTACHTA
NÓ OIRIÚNACHT DO CHUSPÓIR FAOI LEITH, MAIDIR
LEIS NA BOGEARRAÍ SEO. Ní thugann TP Vision
Netherlands B.V. aon tacaíocht do na bogearraí seo.
Ní chuireann an méid atá ráite thuas isteach ar do
bharántaí ná ar do chearta reachtúla maidir le haon
táirge de chuid TP Vision Netherlands B.V. atá
ceannaithe agat. Ní bhaineann sé ach leis an gcód
foinse seo atá curtha ar fáil duit.
22.6
Fógraí
Is féidir leat fógra a fháil maidir le bogearraí nua
teilifíse atá ar fáil le haghaidh a n-íoslódála nó faoi
shaincheisteanna eile a bhaineann le bogearraí.
Chun na fógraí sin a léamh…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Nuashonraigh Bogearraí > Fógraí.
3 - Má tá fógra ann, is féidir leat é a léamh nó ceann
de na fógraí atá ar fáil a roghnú.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
90