User manual

23
Sonraíochtaí
23.1
Comhshaol
Lipéad Fuinnimh na hEorpa
Cuireann Lipéad Fuinnimh na hEorpa ar an eolas tú
maidir le haicme éifeachtacht fuinnimh an táirge seo.
A uaine is atá aicme éifeachtúlacht fuinnimh an táirge
seo, is é is lú fuinnimh a thomhlaíonn sé.
Is féidir leat an aicme éifeachtúlacht fuinnimh a fháil
ar an lipéad, mar aon leis an meántomhaltas
cumhachta don táirge seo, agus an meántomhaltas
fuinnimh do bhliain 1. Is féidir leat freisin luachanna
tomhaltais cumhachta don táirge seo a fháil ar
shuíomh gréasáin Philips i do thír féin ag
www.philips.com/TVsupport.
Comhad Táirge
65PUS7601
• Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : A+
• Méid Scáileáin Infheicthe : 164 cm / 65 orlach
• Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 105 W
• Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 146 kWh
• Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) ** : 0.30 W
• Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 3840 x 2160p
* Tomhaltas kWh fuinnimh in aghaidh na bliana,
bunaithe ar thomhaltas cumhachta teilifíse atá ag
feidhmiú 4 uair in aghaidh an lae ar feadh 365 lá.
Braitheann an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi
a mbaintear úsáid as an teilifís.
** Nuair a chastar an teilifís as leis an gcianrialtán agus
nuair nach bhfuil aon fheidhm gníomhach.
Deireadh Úsáide
Do sheantáirge agus do cheallraí a dhiúscairt
Dearadh agus monaraíodh do tháirge le hábhair agus
comhpháirteanna ar ardchaighdeán ar féidir iad a
athchúrsáil agus a athúsáid.
Nuair a bhíonn tá an tsiombail seo d'araid rothaí a
bhfuil cros air ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an
táirge clúdaithe ag Treoir Eorpach 2012/19/CE.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoin gcóras
bailiúcháin áitiúil ar leith do tháirgí leictreacha agus
leictreonacha.
Cloígh leis na rialacha áitiúla atá i bhfeidhm le do thoil
agus ná diúscair do sheantáirgí le do
ghnáthdhramhaíl tí. Nuair a dhiúscraíonn tú do
sheantáirge i gceart, cabhraíonn sé iarmhairtí a
d'fhéadfadh a bheith díobhálach don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
Tá ceallraí i do tháirge atá san áireamh i dTreoir an
Chomhphobail Eorpaigh 2006/66/EC, nach féidir iad
a dhiúscairt le gnáthdhramhaíl tí.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoi rialacha áitiúla
maidir le bailiú ar leith ceallraí mar go gcabhróidh
diúscairt chuí iarmhairtí díobhálacha don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
23.2
Cumhacht
Tá sonraíochtaí an táirge faoi réir athraithe gan fógra.
Chun tuilleadh sonraí maidir le sonraíochtaí an táirge
seo a fháil, féach ar www.philips.com/TVsupport
Cumhacht
• Príomhchumhacht: AC 220-240V +/-10%
• Teocht chomhthimpeallach : 5°C go 35°C
• Gnéithe Choigilt Cumhachta : Éicea-mód, Balbhaigh
pictiúr (do raidió), Múch uaineadóir go huathoibríoch,
Roghchlár Éicea-socruithe.
Chun faisnéis faoi thomhaltas cumhachta a fháil,
féach ar an gcaibidil Product Fiche.
Is é an rátáil cumhachta atá ar chlár cineáil an táirge
tomhaltas cumhachta don táirge seo i rith gnáthúsáid
tí (IEC 62087 Ed.2). Úsáidtear an rátáil cumhachta is
airde, scríofa idir lúibíní, chun críche sábháilteachta
leictrí (IEC 60065 Ed. 7.2).
23.3
Córas Oibriúcháin
Android OS :
Android Oreo 8
91