User manual

24
Cúnamh agus
Tacaíocht
24.1
Cláraigh do theilifís
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena
n-áirítear tacaíocht iomlán (íoslódálacha san
áireamh), rochtain phribhléideach a fháil ar fhaisnéis
maidir le táirgí nua, tairiscintí agus lascainí eisiacha
agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú páirt a
ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport.
24.2
Cabhair a Úsáid
Tairgeann an teilifís seo cabhair ar an scáileán .
Oscail Cabhair
Brúigh , roghnaigh Cabhair agus brúigh OK.
Chun Cabhair a léamh mar leabhar, roghnaigh
Leabhar. Chun cuardach a dhéanamh
d’eochairfhocal, roghnaigh Eochairfhocal.
Is féidir leat freisin Cabhair a oscailt ar an
roghchlár teilifíse.
Sula leanfaidh tú treoracha Cabhair, dún Cabhair.
I gcás gníomhaíochtaí áirithe, cosúíl le Téacs
(Teilithéacs), tá feidhmeanna sonracha ag na
heochracha dathanna agus ní féidir leo Cabhair a
oscailt.
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do
ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir
leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le
haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó
ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an
leathanach ábhartha ó Chabhair a phriontáil ó do
ríomhaire.
Chun Cabhair (an treoir úsáideora) a íoslódáil, téigh
go dtí www.philips.com/TVsupport.
24.3
Fadhbanna
Cas Air agus Cianrialtán
Ní chasann an teilifís air
• Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan ar feadh nóiméid agus ansin cuir
isteach arís é.
• Cinntigh go bhfuil an cábla cumhachta nasctha go
daingean.
Tá fuaim dhíoscánach ann nuair a chastar air nó as
é
Nuair a bhíonn tú ag casadh na teilifís air, as nó ar
Fhuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscánach ó
fhonnadh na teilifíse. Is mar gheall ar ghnáthleathadh
agus cungú na teilifíse an fhuaim dhíoscánach sin,
agus an teilifís ag fuarú agus ag téamh. Ní chuireann
sé isteach ar fheidhmíocht.
Ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán
Teastaíonn roinnt ama ón teilifís tosú. I rith an ama
sin, ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán ná do
rialcuithe na teilifíse. Iompar normálta é sin.
Má leanann an teilifís gan freagairt don chianrialtán, is
féidir leat seiceáil an bhfuil an cianrialtán ag obair trí
úsáid a bhaint as ceamara ar fhón soghluaiste.. Cuir
an fón i mód ceamar agus pointeáil an cianrialtán i
dtreo lionsa an cheamara. Má bhrúnn tú aon eochair
ar an gcianrialtán agus má thugann tú faoi deara
caochaíl infridhearg an LED tríd an gceamara, tá an
cianrialtán ag obair. Ní mór an teilifís a sheiceáil.
Mura dtugann tú an chaochaíl faoi deara, d’fhéadfadh
an cianrialtán a bheith briste nó a chuid ceallraí a
bheith ídithe.
Níl an modh seo chun an cianrialtán a sheiceáil
indéanta le cianrialtáin atá péireáilte leis an teilifís gan
sreang.
Téann an teilifís ar ais go Fuireachas tar éis scáileán
tosaithe Philips a thaispeáint
Nuair a dhínasctar agus athnasctar an teilifís leis an
soláthar cumhachta i mód fuireachais, taispeánfar an
scáileán tosaigh agus filleann an teilifís ansin ar mhód
fuireachais. Is gnáthiompar é sin. Chun an teilifís a
chasadh air ó Fhuireachas arís, brúigh ar an
gcianrialtán nó ar an teilifís.
Coinníonn an solas Fuireachais leis ag caochaíl
Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan 5 nóiméad sula nascann tú an cábla
cumhachta arís. Má tharlaíonn an chaochaíl arís, déan
teagmháil le Philips TV Consumer Care.
94