User manual

HDMI ceart.
• Má tá cuibheoir HDMI-go-DVI nó cábla HDMI-go-
DVI in úsáid agat, cinntigh go bhfuil cábla fuaime
breise nasctha le AUDIO IN (mion-seac amháin), más
ann dó.
Ní oibríonn HDMI EasyLink
• Cinntigh go bhfuil do ghléasanna HDMI
comhoiriúnach le HDMI-CEC. Ní oibríonn gnéithe
EasyLink ach amháin le gléasanna atá comhoiriúnach
le HDMI-CEC.
Níl an deilbhín don airde fuaime ar taispeáint
• Nuair atá gléas fuaime HDMI-CEC nasctha agus
nuair a úsáideann tú Cianrialtán na Teilifíse chun an
airde fuaime a athrú ón ngléas, is gnáthiompar é sin.
Ní thaispeántar grianghraif, físeáin agus ceol ó ghléas
USB
• Cinntigh go bhfuil an gléas stórála USB socraithe
chun a bheith comhoiriúnach le hAicme Ollstórála,
mar atá curtha síos air i gcáipéisíocht an ghléis stórála.
• Cinntigh go bhfuil an gléas stórála USB
comhoiriúnach leis an teilifís.
• Cinntigh go dtacaíonn an teilifís na formáidí comhaid
fuaime agus pictiúir.
Athsheinnt briste comhad USB
• D'fhéadfadh feidhmíocht aistrithe an ghléis stórála
USB srian a chur ar an ráta aistrithe sonraí chuig an
teilifís, a bhfuil athsheinnt briste mar thoradh uirthi.
Líonra, gan sreang
Ní aimsítear an líonra Wi-Fi nó tá sé díchumtha
• Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó
gléasanna eile Wi-Fi 802.11b/g/n i do
chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan
sreang.
• Molaimid duit an mhinicíocht 5 GHz (802.11ac) a
úsáid ar do ródaire nuair atá do theilifís lonnaithe i
ngaireacht do go leor ródairí gan sreang eile (árasáin,
etc.).
• Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra
rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.
• Chun go n-éascófaí suiteáil do líonra gan sreang, ná
bíodh ainm do ródaire i bhfolach tríd an gcraoladh
SSID a chasadh as.
• Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do
theach, is féidir leat an líonra sreangaithe a úsáid.
Tá an nasc líonra Wi-Fi mall
• Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do
ródaire.
• Cuir srian le líon na ngléasanna atá ag baint úsáid as
an ródaire céanna.
• Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan
sreang chun eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta
aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an
chomhartha.
DHCP
• Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP
(Prótacal Óstchumraíochta Dinimiciúla) an ródaire a
sheicéail. Ba cheart go mbeadh DHCP casta air.
Bluetooth
Gan a bheith in ann péireáil
• Cinngith go bhfuil an gléas i mód péireála. Léigh
treoir úsáideora an ghléis.
• Bíodh an ródaire agus an callaire gan sreang chomh
gar don teilifís agus is féidir.
• Tá áiteanna a bhfuil go leor gníomhaíochta gan
sreang iontu - árasáin a bhfuil go leor ródairí gan
sreang ann - in ann cur isteach ar an nasc gan sreang.
• Má dhéanann tú iarracht roinnt gléasanna a
phéireáil leis an teilifís ag an am céanna, tá an seans
ann nach n-éireoidh leat.
Nasc Bluetooth caillte
• Lonnaigh an callaire gan sreang laistigh de 5 méadar
ón teilifís i gcónaí.
Sioncronú Fuaime agus Físe Bluetooth
• Sula gceannóidh tú callaire gan sreang Bluetooth,
cuir tú féin ar an eolas faoi chaighdeán a shioncronú
Fuaim go Fís, a dtugtar 'beolbheachtú' air go hiondúil.
Ní fheidhmíonn gach gléas Bluetooth i gceart. Beidh
do mhiondíoltóir in ann comhairle a chur ort.
Idirlíon
Ní oibríonn an tIdirlíon
• Má tá an nasc leis an ródaire ag obair i gceart,
seiceáil nasc an ródaire leis an Idirlíon.
Teanga Mhícheart Roghchláir
Teanga mhícheart roghchláir
Athraigh an teanga ar ais do do theanga féin.
1 - Brúigh HOME chun dul go dtí an scáileán
Baile.
2 - Roghnaigh an deilbhín (Socruithe) ón mbarra
Córais ar bharr an scáileáin Baile agus brúigh OK.
3 - Brúigh 5 uair (síos).
4 - Brúigh 3 uair (deas), roghnaigh do theanga
agus brúigh OK.
5 - Brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
96